Turas Siar 388 - Riocard Ó Bruadair as an Mullach Rua, beannacht Dé lena anam, faoi agallamh ag Máirtín Mac Donnchadha, RnaG. Craoladh an píosa seo ar an 17ú Meán Fómhair 2004.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Nuair a fuair mo dheirfiúr siar ní raibh aon obair anseo aici agus bhí sí marbh le bród, an dtuigeann tú, nuair a fuair sí siar.
When my sister came back she had no work here and she was dead with pride, you understand, when she came back..
Agus ansin fuair sí greim oibre thiar, an bhfuil a fhios agat, agus as sin amach nach raibh sí pósta.
And then she got a job out west, you know, and from then on she wasn't married.
Ansin bhí sí pósta ag fear a raibh jab maith aige, an bhfuil a fhios agat?
Then she was married to a man who had a good job, do you know?
Ach níl tú ag inseacht dom chor ar bith céard a cheapfá féin.
But you’re not telling me at all what you yourself would think..
Níor mhaith liom é, ní thaitneodh sé leat, ní thaitneodh sé liom.
I wouldn't like it, you wouldn't like it, I wouldn't like it.
Ní thaitneodh sé liom, déanfaidh mé an fhírinne agus céard?
I wouldn't like it, I'll tell the truth and what?
Nach dtaitneodh leat uaidh?
Wouldn’t you like it from him?
Déanadh amach, déanfaidh mé an fhírinne.
It was decided, I will tell the truth.
B'fhéidir go mba cheart dom fanacht thiar cheana in áit a bheith ag feilméaracht anseo.
Maybe I should have stayed behind instead of farming here.
An rud a bhfuil tú déanta air ó bhí tú i do ghasúr óg.
The thing you have been doing since you were a young boy..