Turas Siar 185 - Pádraic Ó Maolruaidh as Leitir Fhinín agus Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ar an aer le Máirtín Mac Donnchadha. Na focla suicín, hoirte/doirs, an comhra donn, sriongán (sreangán), sreang, taeradh, bleid, cladhaire, shoraidh dhuit!, d...
Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Bhí sé thar ama leis an rud.
It was past time for the thing.
Leis an sreangán a bhíonns acu ag béileáil inniu.
With the string they have when bailing today..
Agus bhí sreangán eile caol ansin acu, bhíodh siad ag cur.
And they had another thin string there, they used to put...
Nuair a cheannófá ag nuair a cheannófá geam do feola ná rud ar bith ná péire bróg ná rud éigin.
When you would buy, when you would buy a piece of meat or anything or a pair of shoes or something...
Chuir sí thart air sin é as bhristeáil lena mhéara ach ba in é an sruthán caol.
She threw it about like that from breaking it with his fingers but that was the narrow stream.
Ach baineann an focal sreangán, baineann sé le sreang freisin céard a bheadh i gceist agat le sreang.
But the word "sreangán," it relates to "sreang" as well, what would you mean by "sreang"...
B'fhéidir go mba shin anois, mar a thuganns muid ar an uaidh orthu, gur rud a bheith níos cruaidhe agus níos láidre, mar déarfá.
Maybe that's it now, as we call it from them, that it's a thing to be harder and stronger, as you might say...