Turas Siar 189 - Pádraic Ó Maolruaidh as Leitir Fhinnín, ceantar Thuar Mhic Éadaigh, ag caint le Máirtín Mac Donnchadha, RnaG.
No description
Duration
17:45Automatic Transcriptions
381Confirmed
0Completion
0.0%Transcription Segments
An bhreosla a bhídís a úsáid in aimsir an chogaidh, an TVO, sílim gur Tractor Vaperis a thug sé air anois, chuir an tuairisc sin a thug, thug Éamonn dhúinn ar an TVO, chuir sé fear eile siar ar bhóithrín na smaointe, cén chaoi a bhfuil tusa inniu, a Phádraic Uí Mhaoil Rua?
The fuel they used in the time of the war, the TVO, I think he calls it Tractor Vaporising Oil now, that account that Éamonn gave us about the TVO, that sent another man down memory lane, how are you today, Pádraic Uí Mhaoil Rua?
Cuimhne mhaith agat ar an TB, an bhfuil?
You have a good memory of the TB, do you?
Agus bhí bhí bhí sé á úsáid chomh deireanach leis na seascaidí a deir tú liom.
And it was, it was, it was being used as recently as the sixties you tell me..
Agus cén cén úsáid a bhíothas a dhéanamh dhó? Cén cén úsáid is mó a bhíothas a dhéanamh ar arbh iad na feilméaraí nó
And what use was being made of it? What was the main use being made of it, was it by the farmers or...?
Bhuel, ní raibh aon úsáid eile dhá dhéanamh dhó i dtaobh gnaithí le haghaidh gnóthaí tarracóirí ag feilméaraí, tá mo bharúil.
Well, there was no other use being made of it regarding affairs for tractor business by farmers, I think.
Agus an raibh raibh tarracóirí áirithe, mar a déarfá, a bhí in ann é a úsáid thar a chéile?
And were there certain tractors, as you might say, that were able to use it one after another?
Óh bhí bhí tarracóirí beaga ann a dtugaidís na Ferguson Twenties orthu a Mháirtín.
Oh, there were little tractors there that they used to call the Ferguson Twenties, Máirtín.
Chuid is lú a bhí ann, geall leis anois.
The least there was, almost now..