Turas Siar 242 - Anraí Ó Corrdubh as Ros Dumhach ag caint le Seán Ó Tuairisc sna 70idí. Ón gclár “Beatha Duine É A Thoil”.
Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Duration
14:34Automatic Transcriptions
254Confirmed
0Completion
0.0%Transcription Segments
Mar anois tá mé mór le chuile dream polaitíochta anseo.
For now I am on good terms with every political group here.
Creidim gur chaill mé vóta do chuile pháirtí anseo.
I believe I lost a vote for every party here.
Agus níor chuir an polaitíocht féin isteach riamh orm.
And politics itself never bothered me.
Nach i bpolaitíocht féin atá cumhacht agus nach le cumhacht a bhainfeas tú aidhm nó a dhéanfas tú rud?
Isn’t it in politics itself that power lies, and isn’t it with power that you will achieve a goal or do something?
Níl a fhios agam ab ea anois.
I don't know if that's so now..
Ní réitím go hiomlán mar sin má tá tú ar thaobh amháin tá tú má tá
I don't completely agree like that, so if you are on one side, you are, if you are.
Má tá tú ar an dtaobh ceart b'fhéidir go bhfuil tú ceart go leor ach má tá tú ar an dtaobh eile tá tú Cáití agus tá
If you are on the right side maybe you are all right but if you are on the other side you are Cáití and that's that.
Sílim go bhfuil an áit má tá áit ag brath ar ar dream amháin.
I think that the place, if a place depends on just one group...
Mar, ar ndóigh, tá dream amháin ag obair, ag oibriú in aghaidh an dream eile agus sin d'fhág, sílim go ndearna sé go leor níos mó dochar ná.
Because, of course, one group is working, working against the other group and that has caused, I think it did a lot more harm than...
Maitheas don don don áit an polaitíocht chéanna.
Good for the place, the same politics.
Cén saghas córas oideachais atá
What kind of education system is there?
Timpeall anseo sa gcuid seo de Ghaeltacht Mhaigh Eo.
Around here in this part of the Mayo Gaeltacht...
Bhfuil freastal maith oideachais anseo?
Is there good educational provision here?