Transcript of Scéal - Pílí Cat agus Caolchat na Luathadh (cuid 1)

https://archive-cartlann.turassiar.ie/p/press/asset/95

Speaker Range Irish English Audio Quality
Pádraic S. Ó Murchú 449.0-456.6 " "Tá sé chomh maith dhúinn mar sin a ghoil a chodladh go luath anocht," arsa Seán. "It's just as well for us to go to sleep early tonight," said Seán. good
Pádraic S. Ó Murchú 456.6-481.9 Agus fuair sé síos ag an drisiúr agus thóig sé an jug amach as an drisiúr a raibh an bainne ann agus tharraing sé an sásar aniar ón drisiúr go dtugadh sé braon do Phílí Cat, chuile oíche roimh a dtéadh sé a chodladh. And he got down at the dresser and took the jug out of the dresser that had the milk in it and pulled the saucer over from the dresser to give a drop to Phílí Cat, every night before he went to sleep. good
Pádraic S. Ó Murchú 481.9-497.0 Leag sé an sásar bainne ag Pílí Cat agus fuair sé féin a chodladh i ndiaidh an tinidh a chagailt. He laid the saucer of milk down for Pílí Cat and went to sleep himself after stoking the fire. good
Pádraic S. Ó Murchú 497.0-514.7 Is é an áit a gcodlaíodh Pílí Cat chuile oíche thíos ar an lota sa bhféar os cionn na bó agus an asail a bhí ceagailte in íochtar an tí. The place where Pílí Cat slept every night was down on the blanket in the grass above the cows and the donkey that were tied at the bottom of the house. good
Pádraic S. Ó Murchú 514.7-529.1 Bhíodh sé te teascaill ansin sa bhféar agus anáil an asail agus na bó ag tíocht aníos thríd an bhféar, thríd an lot'. "It was warm and cozy there in the grass with the breath of the donkey and the cows coming up through the grass, through the loft." good
Pádraic S. Ó Murchú 529.1-552.2 Ar maidin, leis an bhfáinneachan bhí Seán ina shuí agus anuas le Pílí Cat ón lot', agus rinne Seán graithí na maidine. "In the morning, with the first light, Seán was up and down with Pílí Cat from the shed, and Seán did the morning chores." good
Pádraic S. Ó Murchú 552.2-575.5 Thug sé sop agus deoch don bhó agus don asal, d'ith sé a bhricfeast', agus thug sé a bhricfeasta do Philí Cat agus cé a laindeálfadh go hádhmhail isteach ar a bpoll ar an doras iataí ach Caolchat. "He gave a wisp and drink to the cow and the donkey, ate his breakfast, and gave his breakfast to Philí Cat, and who would gracefully land into their hole on the closed door but Caolchat." good
Pádraic S. Ó Murchú 575.5-584.7 Agus bhreathnaigh sé ar Sheán agus bhreathnaigh sé ar Phílí Cat. "And he looked at Seán and he looked at Philí Cat." good
Pádraic S. Ó Murchú 584.7-590.3 "By dad," a deir sé, "nach moch atá sibh ina suí? "By dad," he says, "aren't you up early? good
Pádraic S. Ó Murchú 590.3-595.4 " "Ah," a deir Seán, "tá muid ag goil 'na bhaile mhóir inniu. "Ah," says Seán, "we are going to the big town today. good
Pádraic S. Ó Murchú 595.4-622.1 Tá muid ag goil amach i gcoinne brógaí, caithfidh 'ach éinne brógaí a fháil dhúinn féin agus tá do chosaí-sa bruite agat sa luaith agus teastaíonn brógaí uait níos cruaidhe ná duine ar bith. "We are going out to get shoes, everyone needs to get shoes for themselves and your feet are burnt in the ashes and you need shoes more than anyone else." good
Pádraic S. Ó Murchú 622.1-629.5 " Agus níor úirt Caolchat sea ná ní hea. "And Caolchat didn't say yes or no." good
Pádraic S. Ó Murchú 629.5-635.6 Fuair sé i gcionn an bhainne agus d'ól sé lán a bhoilg den bhainne. He found the milk and drank his fill of it. good
Pádraic S. Ó Murchú 635.6-675.6 Scaoil Seán an bhó agus an t-asal, d'oscail sé an doras thiar agus lig sé amach iad suas an garraí agus lig sé amach na cearcaí agus thug sé isteach na huibheachaí as teach na gcearc agus dhún sé an doras iataí aríst agus chuir a lámh suas ar an lot' os cionn an dorais thiar agus tharraing sé anuas mála saic. "Seán released the cow and the donkey, he opened the back door and let them out into the field, and he let out the hens and brought in the eggs from the henhouse and closed the back door tightly again and put his hand up to the loft above the back door and pulled down a sack bag." good
Pádraic S. Ó Murchú 675.6-704.5 "A", ar seisean, "caithfidh mé anois", ar seisean le Caolchat, "thú féin agus Pílí Cat a chur isteach sa tsac agus ansin buailfidh mé an sac ar mo dhroim agus iompróidh mé sibh amach agus isteach arís 'na bhaile mhóir agus nuair a bheas na brógaí ceannaithe againn. "Ah," he said, "now I must," he said to Skinny Cat, "put you and Pílí Cat into the sack and then I will hit the sack on my back and carry you out and back into the big town and when we have bought the shoes." good