Turas Siar 375 - Pádraic Ó Gionnáin as Cill Ghallagáin, ar dheis Dé go raibh a anam dílis, ag cur síos ar chruinniú mór feilméaraí caorach i gCaisleán an Bharraigh. Máirtín Mac Donnchadha, RnaG, a léirigh an clár.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Bheith ag plé le caoirigh agus bhí ceisteanna á gcur faoin gcruinneas a bhí san eolas a bhí á chur amach acu ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia anois ag an am. Labhair muid le Pádraic Ó Gionnáin faoi agus thug sé léargas dhúinn an-léargas ar fad ar an obair a bhaineann le hAorach na gCaorach agus ar na clamhsáin a bhí ag na hAoirigh iad féin.
Dealing with sheep and questions were being raised about the accuracy of the information that was being issued by the Department of Agriculture and Food at the time. We spoke to Pádraic Ó Gionnáin about it and he gave us a very comprehensive insight into the work involved with Sheep Tagging and into the complaints that the shepherds themselves had.
Anois ó shin bhí roinnt cruinnithe ar fud na tíre ag plé an ábhair cruinnithe idir lucht caorach agus eagraíochtaí cosúil leis an IFA, cruinnithe idir an IFA, agus airí éagsúla rialtais agus cruinnithe idir airí éagsúla agus airí éagsúla eile. D'fhéadfá a rá anois bhí Pádraic Ó Gionnáin ar cheann de na cruinnithe a bhí i gCaisleán an Bharraigh le deireanas agus tá sé linn ar an bhfón as Cill Ghallagáin faoi láthair. Do chéad fáilte, a Phádraic.
Some time ago there were a number of meetings around the country discussing the subject of meetings between sheep farmers and organisations like the IFA, meetings between the IFA and various government ministers, and meetings between various ministers and other ministers. You could say now that Pádraic Ó Gionnáin was at one of the meetings that took place in Castlebar recently and he is with us on the phone from Kilgalligan at present. You are very welcome, Pádraic.
Tá sibh beagán níos sásta. An bhfuil faoi láthair ná mar a bhí sibh mí ó shin abair?
You are a little happier. Are you at present than you were a month ago, say?
Tá muid rud beag, a Mháirtín.
We are a little bit, Máirtín.
Céard céard atá tarlaithe idir an dá linn?
What exactly has happened in the meantime?
Bhoil, bhí cruinniú agus an cruinniú a bhí i gCaisleán an Bharraigh, a Mháirtín, an oíche sin.
Well, there was a meeting and the meeting was in Castlebar, Máirtín, that night..
Mar a déarfá, fear de lucht na gcaorach ann is as as as Liatroim.
As you might say, a man of the sheep crowd there and from Leitrim.