Turas Siar 381 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ag caint le Máirtín Tom Sheáinín, RnaG: Na bailte áitiúla, a shaol féin, ceird na seibhnéireachta (=siúinéireachta) srl.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Ar thosaigh tú é seo tar éis a thíocht as Sasana dhuit?
Did you start this after you came back from England?
Níor thosaigh, níor thosaigh, bhí mé thimpeall.
I didn’t start, I didn’t start, I was around..
Cúig nó sé de bhlianta anseo bhí mé ag déanamh.
Five or six years ago I was doing...
Obair bheag a bhí ann agus
It was a small job and.
Smaoinigh mé ansin ar an obair seo.
I thought then about this work..
Cuireann sé isteach an lá, an bhfuil a fhios agat, cuirfidh tú isteach an lá agus
He spends the day, you know, you will spend the day and.
Braitheann sé ar an gcineál obair, ar an méid oibre a bheas le déanamh, tá tú ag déanamh geata anois inniu.
It depends on the type of work, on the amount of work that will have to be done, you are making a gate now today...
Tá mé ag déanamh geata inniu anois agus
I am making a gate today now and.
Tá deifir orm leis na geataí sin agus tá go leor geataí, tá geataí anois ag éirí coitianta arís, geataí adhmaid mar a déarfá.
I am in a hurry with those gates and there are a lot of gates, gates are now becoming common again, wooden gates as you might say..
Cé is éasca geataí a dhéanamh ná fuinneog a dhéanamh nó doras a dhéanamh.
It is easier to make gates than to make a window or to make a door.