Turas Siar 381 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ag caint le Máirtín Tom Sheáinín, RnaG: Na bailte áitiúla, a shaol féin, ceird na seibhnéireachta (=siúinéireachta) srl.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
gcloisfidh muid Pádraic Ó Murchú ag caint le Máirtín Tom Sheáinín.
we will hear Pádraic Ó Murchú talking to Máirtín Tom Sheáinín.
Go mbeannaí Dia dhaoibh éisteoirí agus bhur gcéad fáilte isteach ag an gclár seo.
May God bless you, listeners, and you are very welcome to this program.
Go Contae Mhaigh Eo a thug mise m'aghaidh tráthnóna an lá cheana agus bhuail mé liom síos thar Bhéal an Átha síos chomh fada le Béal an Mhuirthead agus deich míle taobh thiar dhó sin arís go dtí baile beag a dtugann siad Cartúr air.
To County Mayo I turned my face one evening the other day and I went down past Ballina down as far as Belmullet and ten miles beyond that again to a small town they call Cartúr.
Chuaigh mé isteach ag seanchaí breá atá ina chónaí ar an mbaile sin 'Sin é Pádraig Ó Murchú.
I went in to a fine storyteller who lives in that town. That is Pádraig Ó Murchú.
Go deimhin, i mbun a chuid oibre a bhí sé nuair a bhuail mé Blege air siúinéara agus tá sé ag dul leis an gceird seo ó tháinig sé anall as Sasana tamall blianta ó shin.
Indeed, he was at his work when I met Blege the carpenter and he has been at this trade since he came over from England some years ago.
Sa gclár seo tráthnóna beidh sé ag cur síos dhúinn ar an gceird sin ar a chuid siúinéireacht. Beidh sé ag cur síos dhúinn freisin ar a chuid laethanta thall san áiteacha a mbíodh sé ag obair agus an scléip agus an ceol agus an spraoi a bhíodh acu agus caithfidh sé súil freisin ar an traidisiún atá san áit a bhfuil sé ina chónaí faoi láthair agus mar a fheiceann sé an saol sa lá atá inniu ann ach ar dtús mhínigh sé dhom faoin áit a raibh muid ina seasamh.
In this program this evening he will be describing for us that craft of his, his carpentry. He will also be telling us about his days back in the places where he used to work and the fun and the music and the enjoyment they used to have, and he will also take a look at the tradition that exists in the place where he currently lives and how he sees life today, but first he explained to me about the place where we were standing.
Tá an Cartúr anseo atá sé ar an
The Cartúr is here, it is on it.
Do Cheantar na Cille Móire Do Pharóiste na Cille Móire
For the district of Cill Móire For the parish of Cill Móire.
'Séard é an leathpharóiste gaolta, mar a déarfá, agus 'sén píosa amháin é den pharóiste anois atá fágtha.
It is the half-parish of relatives, as you might say, and it is the only piece of the parish now that is left.