Turas Siar 381 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ag caint le Máirtín Tom Sheáinín, RnaG: Na bailte áitiúla, a shaol féin, ceird na seibhnéireachta (=siúinéireachta) srl.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
an rotha, mar a déarfá, thríd an ngeata agus go bhfuil sé
the wheel, as you might say, through the gate and there it is.
Bhfuil sé a' gabháil síos talamh?
Is it sinking into the ground?
Nuair a bheidh sé dúnta sin é an-ghalánta.
When it is closed, that will be very elegant.
Bhoil 'Sin é an chuma a bhíonns air.
Well, that's the way it looks..
Agus tá tú coinnithe ag imeacht anseo. Tá tá neart oibre agat.
And you are kept going here. Yes, you have plenty of work.
Tá den chineál seo ann. Tá neart oibre agamsa i gcónaí lena lena dhéanamh an bhfuil a fhios agat agus caitheann sé an t-am dom agus tá rud éigin siúil le déanamh agat 'chuile lá.
There are this kind of things. I always have plenty of work to do, you know, and it takes up my time, and you have something to be doing every day.
Is maith liom rudaí úra agus
I like fresh things and.
A thrua é seo, is iomaí is mó an an spraoi a bheas siad ag iarraidh a theacht amach as.
This is a pity, there are many who will want to get the most fun out of it.
Anois nuair adeirim siúinéara tá tá ceirdeanna eile freisin agat bail ó Dhia ort feicim rud nach bhfaca mé leis an tíoraíocht ní fhaca mé aon cheann nua acu ar chuma ar bith le fada.
Now when I say carpenter, you also have other trades, God bless you, I see something I haven’t seen with the joinery, I haven’t seen any new ones of them at all in a long time.