Turas Siar 381 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ag caint le Máirtín Tom Sheáinín, RnaG: Na bailte áitiúla, a shaol féin, ceird na seibhnéireachta (=siúinéireachta) srl.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Is mór an cháin nach mbíonn sé air níos faide, nach mbíonn?
It’s a great pity he isn’t on it any longer, isn’t it?
Nuair a chuala tusa caint go raibh tg le theacht ar an aer agus tuairisc faoi ag an am ab é an rud é anois a raibh tú ag súil leis ag an am sin a fheiceanns tú ar an teilifís anois ab é nó céard a cheapanns tú dhó go díreach?
When you heard talk that TG4 was going to come on air and a report about it at the time, was it something you were expecting then, what you see on television now, or what exactly do you think of it?
Bhí caint creidim air le ocht nó naoi de bhlianta, tá mé a cheapadh.
There was talk about it, I believe, for eight or nine years, I think.
Shíl mé choíche nach dtiocfadh sé.
I thought it would never come.
Shíl mé go mbeadh go leor.
I thought there would be enough..
Faoi na Gaeltachtaí air, mar a déarfá.
About the Gaeltachts, as you’d say..
Ins na ceantair beaga, na ceantair iargúlta anois sa gceantar a bhfuil muid ann faoi láthair.
In the small areas, the remote areas now in the area where we are at present...
Shíl mé go mbeidh níos mó dó sin ann.
I thought there would be more of that.