Turas Siar 381 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ag caint le Máirtín Tom Sheáinín, RnaG: Na bailte áitiúla, a shaol féin, ceird na seibhnéireachta (=siúinéireachta) srl.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Ach, mar a déarfá, tá an blas ag imeacht don Ghaeilge.
But, as you might say, the flavour is leaving the Irish language..
Agus is mór an trua é sin.
And that is a great pity.
Ach tá mé a cheapadh go gcuirfeadh siad aige.
But I am thinking that they would give it to him..
Go mbeidh Gaeilge maith go leor san áit.
That there will be good enough Irish in the place.
Meastú nuair a bhíonns an dream seo atá sa mbunaois, sin cúig déag sé déag agus grúpa de dhá dhuine dhéag acu ina measc féin ar fad tráthnóna Dé hAoine.
Imagine when this crowd who are in their teens, that is fifteen, sixteen, and a group of twelve of them all together among themselves on a Friday evening...
Meas tú ar Béarla a bhíonns acu?
Do you think they have English?.
Óh, tá mé cinnte dó, tá mé dearg cinnte dó.
Oh, I am sure of it, I am very sure of it..
Agus b'fhéidir corrfhocal Spáinnis ná Fraincis.
And maybe the odd word of Spanish or French..
Meas tú an é an chaoi seachas
Do you think it's the way instead.
B'fhéidir má bhíonn rud ar bith beag le réiteach de eatarthu féin.
Maybe if there is anything small to be resolved between themselves...
B'fhéidir ag corrchoirnéal go n-aireofá beagán Gaeilge dhá labhairt.
Perhaps at a random corner you might hear a little Irish being spoken.