Turas Siar 381 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ag caint le Máirtín Tom Sheáinín, RnaG: Na bailte áitiúla, a shaol féin, ceird na seibhnéireachta (=siúinéireachta) srl.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Feicim go bhfuil go leor de na daoine óga anois arís ag tíocht ar ais air.
I see that a lot of the young people are now again coming back to it.
Ag dul ar ais ag an bhfarraige.
Going back to the sea..
Agus cáil na farraige ar an áit seo agus gar dhúinne anseo nach nach mbíodh go leor gleoiteoga thimpeall anseo chuala mé.
And with the reputation of the sea on this place and near us here, wasn’t there always plenty of periwinkles around here I heard...
ar an mbaile seo agus thart ar an bhfeicfeadh sibh phíce seoil isteach in Inis Gé agus na háiteanna sin áh go deimhin bhí ó is cuimhneach liom féin bhí bád ag mo mhuintir anseo go dtí go dtí anuas le
in this town and around here you would see a sailboat coming into Inishkea and those places indeed as far as I remember myself my people had a boat here up until recently.
Cúig nó sé déag de bhlianta ó shin.
Five or sixteen years ago...
Ón báid mhóra húicéirí ab ea?
Were they from the big hooker boats?
Bhí húicéirí amháin anseo.
There were some hookers here.
Tháinig sí sin as Gaillimh ansin i naoi déag tríocha hocht sílim a tugadh suas í.
She came from Galway then in 1938 I think she was brought up.
Cén t-ainm a bhí uirthi, a Phádraic?
What was her name, Pádraic?