Turas Siar 381 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ag caint le Máirtín Tom Sheáinín, RnaG: Na bailte áitiúla, a shaol féin, ceird na seibhnéireachta (=siúinéireachta) srl.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Bíonn bíonn daoine ag dul isteach is amach ag tabhairt cuartaíocht air. Bíonn tá
People are always going in and out visiting him. They are indeed.
Tá cuid acu leathmhaith go leor, an bhfuil, tá cuid acu, tá cuid acu, an bhfuil siad ag cur, bhfuil siad ag cur corr anois orthu, mar a déarfá, dhá dtógáil suas arís, cuid acu briste anuas, ach tá 'chuile dhuine anois ag ceannacht na dtithe arís agus bíonn siad acu le haghaidh
Some of them are fairly decent, aren’t they, some of them are, some of them, are they putting, are they putting a few odd ones on them now, as you’d say, if they were to be built up again, some of them are broken down, but everyone now is buying the houses again and they have them ready.
Bhoil, tá cuid acu leathmhaith go leor.
Well, some of them are fairly decent..
Tiocfaidh saoire sa tsamhradh.
Holidays will come in the summer.
Nuair a d'fhágann na daoine Inis Gé agus nuair a tháinig siad amach ar an mórthír.
When the people leave Inis Gé and when they came out onto the mainland...
An dtáinig siad amach i dtír gar don áit a bhfuil muid anseo anois ag an spota seo nó ab in é an áit a mbíodh an chéibh?
Did they come ashore near the place where we are here now at this spot or was that the place where the quay used to be?
Ó tháinig siad amach thiar.
Since they came out the back..
Thiar i nGlais agus i dTonn na hUltaigh tugadh gabháltas beag talún ansin ar 'chuile dhuine acu agus
In Glas and in Tonn na hUltaigh in the west, a small holding of land was given there to each one of them.
An Port Mór a thugann siad thiar ar an áit agus rinneadh céibh ansin chomh maith agus bhíodh siad, bhí sé feiliúnach go maith dóibh le dhul isteach agus amach ina n-oileán, bhí sé breá gar dóibh ach tá an chéibh sin briste síos anois agus tá drochbhail uirthi agus ní dhearnadh a dhath ariamh léi.
An Port Mór is what they call the place back there and a pier was made there as well and it used to be, it was quite suitable for them to go in and out to their island, it was very close to them but that pier is broken down now and it is in bad condition and nothing was ever done with it.