Turas Siar 388 - Riocard Ó Bruadair as an Mullach Rua, beannacht Dé lena anam, faoi agallamh ag Máirtín Mac Donnchadha, RnaG. Craoladh an píosa seo ar an 17ú Meán Fómhair 2004.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Cén cén bhrí a bhaineanns tusa as?
What meaning do you take from it?
Ah, bhoil, nuair a thiocfas sé amach faoi.
Ah, well, when it comes out about it..
a bheith ag eascainí ach thug sé amach faoi rudaí a bhí ag tarlú fadó an dtuigeann tú.
to be cursing but he went on about things that were happening long ago, you understand..
Agus go mórmhór le mná, an bhfuil a fhios agat?
And especially with women, do you know?
É sin a inseacht gon sagart.
To tell that without the priest..
Dá mbeadh siad ag dul ag éisteacht.
If they were going to listen...
inseacht sa bhfaoistean óh 'sea 'sea bhoil 'sé Naomh Pádraig a thug an creideamh Caitliceach isteach go hÉire agus tugaimse céad míle buíochas dó go deo ón lá a tháinig sé isteach go hÉire leis an gcreideamh Caitliceach do 'chuile dhuine in Éire.
to say in confession oh yes yes well it was Saint Patrick who brought the Catholic faith into Ireland and I give a hundred thousand thanks to him forever from the day he came into Ireland with the Catholic faith for everyone in Ireland..
Agus go mbainfidh sé linn go deo agus go mbeidh sagart againn chomh maith le haghaidh Aifreannacha agus paidreacha a rá linn.
And that it will remain with us forever and that we will have a priest as well to say Masses and prayers for us.
Agus go dtiocfaidh an lá le cúnamh Dé anois.
And that the day will come with God's help now..
Go mbeidh síochán againn ón taobh ó thuaidh in Éire go dtí an taobh ó dheas.
That we may have peace from the north side of Ireland to the south side.
Ón taobh thoir in Éire go dtí iarthar Mhaigh Eo anseo.
From the east in Ireland to the west of Mayo here..