Turas Siar 390 - John “The Admiral” Ó Maolfhábhaill, Inis Gé agus An tEanach, faoi agallamh ag Pádraig Ó Catháin sa mbliain 1978. Beannacht Dé leofa beirt. Rinne Máirtin Mac Donnchadha an mhír seo a athchraoladh ar an gclár Parlaimint Mhaigh Eo sa mbl...
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Cén gur túisce a bhí tú i Meiriceá ná i Sasana?
Which was it that you were in America before you were in England?
Ba luaithe a bhí mé i Sasana mar sin é chuaigh mé i Sasana i ndiaidh chogaidh.
I was earlier in England so I went to England after the war.
Cén fáth a mb'fhearr leat i Sasana?
Why would you prefer to be in England?
Abair obair a fháil ann ná Meiriceá agus ba deis an obair a bhí ann agus
To get work there in America and the work that was there was an opportunity.
Éireannaigh uilig a chasfaí leat, an bhfuil a fhios agat Sasana?
All the Irish people you would meet, do you know England?
Ach tá an uile náisiún sa domhan.
But every nation in the world...
Meiriceá Daoine dubha is daoine buí
America Black people and yellow people.
'Chuile chineál, ní raibh.
Every kind, there was not...
Ní raibh sé chomh deas sin a raibh, ní raibh b'fhéidir.
It wasn't that nice after all, maybe it wasn't...
Bhoil cuid acu bhí siad ceart go leor ach ghabhfá go leor daoiní atá go dona gadaithe amuigh san oíche is mar sin.
Well, some of them were alright but you’d come across a lot of people who are really bad thieves out at night and so on.
Mharódh siad thú mura dtabharfá airgead dhó.
They would kill you if you didn’t give him money.
Casadh ort iad siúd féin casadh.
You yourself happened to meet them, happened...
Níor chaith tú aon phingin acub. Níor níor mharaigh siad thú an oiread déarfainn bail ó Dhia ort gur deacair thú a mharú.
You didn’t spend a penny of it. Nor did they kill you, I’d say—God bless you, you’re hard to kill.
Níor mharaigh siad chuma ar bith.
They didn't kill at all..