Turas Siar 394 - Pádhraic S. Ó Murchú as an gCartúr agus Máirtín Mac Donnchadha, RnaG: An chaoi a n-úsáidtí an cholainn le rudaí a thomhas.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Nuair a bheadh siad ag tosú
When they would be starting.
Chonaic mé féin é agus nuair a bhíodh siad amuigh ag na stanies ar an tsráid lá aonaigh fadó, na seanmhuice ag dul thart, iad ag cuartú bríste.
I saw it myself and when they used to be out at the stalls on the street on fair day long ago, the old women going around, them looking for trousers...
Is é an miosúr amháin a bhí acu le haghaidh an bhríste ná:
The only measurement they had for the trousers was:.
Do dhá láimh a shíniú amach
To stretch out both your hands.
Dhá chois a bhríste a shíniú amach cé a cheannach aon lá agus greim ansin a choinneáil le barr do mhéaraí air.
To stretch out the two legs of his trousers, to see who would buy any day, and then to keep a grip on it with the tips of your fingers.
Lúbtha isteach in aghaidh do bhoise in aghaidh a sáil do bhoise.
Bent in against your palm against the heel of your palm..
Síntí amach teanntaí ansin ach sín dá mbeadh sé sin teannta deas.
Stretched out tightly there but stretch if that were nicely tight..
Ba in é fada a chois dó an bríste sin dhuit.
That trousers was much too long for you.
Is beag nach ionann fad do láimhe, mar sin tomhais do láimhe agus tomhais do chosa dhá mbeadh do chosa sínte mar
The length of your arm is almost the same, so measure your arm and measure your legs if your legs were stretched out like that.