Turas Siar 398 - Tomás “The Doc” Ó Máille as an tSraith, Tuar Mhic Éadaigh, beannacht Dé lena anam, agus Máirtín Mac Donnchadha, Raidió na Gaeltachta : go leor focla le cur síos a dhéanamh ar dhaoine.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Mar déarfá slaghdán leis na rudaí sin ná atá anois.
As you might say, a cold compared to those things that are around now.
Ní bheadh leath na na hainkes ná ná leithéidí acu.
They would not have half the stories nor the likes of them.
Ag dul ar ais ag cuid de na focla a bhí muid a phlé an lá cheana le daoine, a Thomáis, cén difríocht, céard é an t-idirdhealú a dhéanfása idir leanbh agus naíonán agus páiste?
Going back to some of the words we were discussing the other day with people, Tomás, what is the difference, what distinction would you make between "leanbh" and "naíonán" and "páiste"?
Bhuel leanadh leanbh is dóigh.
Well, a child was conceived, I suppose..
Gurb in é an cailín is is óige ar fad nuair atá sé an-óg.
That it is the girl who is the youngest of all when she is very young.
An leanbh agus an naíonán ansin de réir mar atá sé ag fás.
The child and the infant then as he is growing..
Suas beagán mar feicfidh tú anois na naíonraí caithfidh sé gur ó naíonán a tháinig na naíonraí.
Up a bit because you will see now the naíonraí (preschools), it must be that the naíonraí came from naíonán (infant)..
Ach bhí muid ag déanamh amach anois ag caint le daoine an lá cheana go mb'fhéidir go bhfuil na naíonraí nach bhfuil siad cruinn.
But we were figuring out now, talking to people the other day, that maybe the nurseries are not accurate...
Bhí go leor daoine, go leor daoine ag rá linn gob é an naíonán nuair a thosaíonn sé cén chaoi ar chuir siad ar chor ar bith é nuair a bhíonn sé lámhacán nó thosaíonn sé lámhacán go mbeadh sé b'fhéidir cheithre bliana.
There were many people, many people saying to us that the infant, when he starts, how did they ever put him at all when he is crawling or starts crawling, that he might be maybe four years old...