Turas Siar 399 - Seosaimhín Mhic Giontaigh as Tamhain na hUltaigh agus Mary John Tom Bhreatnach as Glais ag caint le Máirtín Mac Donnchadha, RnaG: scoláirí Gaeilge agus staid na Gaeilge sa gceantar.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
feabhas a chur air agus dhá fhorbairt níos mó ná ná bhíodh siad dhá fhorbairt mar mar a chailleann na glúins atá le theacht é ní bheidh éinne eile le
to improve it and to develop it more than they used to develop it because as the generations to come lose it, there will be no one else with it.
a thógáil suas aníos againne abair.
to build up ours say..
Tá sibhse óg fós anois faoi cheann deich mbliana eile abair nuair nuair a bhéas sibh a' cuimhneamh cuimhneamh éirí as.
You are still young now, in another ten years say, when you will be thinking, thinking about retiring...
Cén chaoi a mbeidh cúrsaí faoi cheann deich mbliana leat?
How will things be with you in ten years' time?
Táthar ag caint ar Ghaeltachtaí a dhúnadh síos agus teorainneachaí a chongú isteach agus
There is talk of closing down Gaeltacht areas and narrowing the boundaries.
rudaí gon tsórt sin agus tá mé a' ceapadh go bhfuil sé
things of that sort and I think that it is.
Go bhfuil an Ghaeltacht seo liostáilte ar cheann acu sin nach mbeidh aon aitheantas aige dhá leanfaí do chuide de na moltaí atáthar a dhéanamh.
That this Gaeltacht is listed as one of those that would have no recognition if some of the recommendations being made were followed.
Bhí mé ag éisteacht leis sin ag Coimisiún na Gaeilge agus mé féin.
I was listening to that at the Irish Language Commission and myself...
Tá 'fhios a'd go maith Gaeilgeoir agus
You know well you are an Irish speaker.
A bhfuil grá mór ag mo chroí gon Ghaeilge gon Ghaeilge?
Does my heart have great love for Irish, for Irish?
Chuireadh sé sin isteach go han-mhór orm.
That bothered me a lot.
Ní ligfinn dhó sin a' tarlú.
I wouldn't let that happen.