Turas Siar 470 - Báidóireacht, húcéirí srl
No description
Recording Information
As Gaillimh sna báid seo go dtí na siopaí.
From Galway in these boats to the shops..
Thiar thiar i Leitir Mealláin thiar ag coigeal a dtagadh an bád isteach ag cúl an cián.
Far, far away in Leitir Mealláin to the west, churning, the boat would come in from the distant back...
Snámh snámh isteach go dtí cúl an tí ann gan dabht in Árainn mar shampla anois is curachaí is mó a bhíodh in Árainn mar oileán nach ea?
Swimming, swimming in to the back of the house there without a doubt in Aran for example now and curraghs were mostly in Aran as an island, weren't they?
'Sea, bhoil, ceapaim go bhfuil na curachaí in Árainn fós 'Sea, chonaic mé féin ann iad in Inis Meáin anuraidh.
Yes, well, I think the currachs are still in Aran. Yes, I saw them there myself in Inis Meáin last year.
Téann siad amach an bhfuil a fhios agat roimh an mbáidín roimh an an an
They go out do you know before the little boat before the the the.
An bád a thuganns amach, mar a déarfá, as Gaillimh iad Naomh Éanna agus ansin tá chonaic mé cúig nó sé de churachaí.
The boat that brings them out, as you might say, from Galway is the Naomh Éanna and then I saw five or six currachs.
Déarfainn go raibh na gnáthchurachaí, bhí siad ag breathnú mór dom.
I’d say that the ordinary boats, they looked big to me.
Lá a raibh mé thall ansin anuraidh an lá ar hosclaíodh an Músaem ann agus chonaic mé cúig nó sé de cheanna ag fanacht ansin agus ar ndóigh.
A day I was over there last year, the day the Museum was opened there, and I saw five or six of them waiting there and of course...
Bhíodh na curachaí acu freisin leis na tharraingídís na beithígh.
They used to have the currachs as well with which they would draw the cattle.
Ina ndiaidh sa bhfarraige le iad a chur suas in sna báid le iad a thabhairt ar ar an margadh. Cén cén bua dar leat atá leis an leis an gcurach?
Afterwards into the sea with them to put them up into the boats to bring them to the market. What, in your opinion, is the advantage of the currach?
Tá bua amháin ag baint léi an bhfuil a fhios agat bhoil ar an gcéad rud níl sí costasach mar déarfá níl sí chomh
There is one advantage to it, you know, well firstly it is not expensive as you would say, it is not so.