Turas Siar 470 - Báidóireacht, húcéirí srl
No description
Recording Information
Uair amháin go bhféadfá curach a dhéanamh ar chúig phunt.
Once upon a time you could make a currach for five pounds.
Bhoil níl a fhios agam cé mhéad chúig phunt a chuirfeá anois le curach a dhéanamh cuid mhaith acu cheapfainn.
Well, I don't know how many five pounds you would put now to make a currach, quite a few of them I would think..
Nuair a cuir i gcás insa samhradh bhainfí an-úsáide as an gcurach seo.
When, for example, in the summer, this currach would be used a lot.
Chonaic mise iad ag baint fheamainne.
I saw them gathering seaweed.
Théidís amach ach beirt fhear a bheadh ábalta go maith.
Only two men who would be well able would go out.
Théidís ag baint fheamainne amach sa gcurach, an bhfuil a fhios agat feamainn nach bhféadfá a fháil?
They used to go gathering seaweed out in the currach, do you know seaweed that you couldn’t get?
Ar bhealach ar bith eile agus thugaidís isteach loch nó dhá loch nó trí loch feamainne, an bhfuil a fhios agat?
In any other way and they would bring in a lake or two lakes or three lakes of seaweed, do you know?
Ar an gcaoi chéanna ansin an rud a dúirt mé bhídís ag iascach gliomaigh.
In the same way then, the thing I said, they used to be fishing for lobsters.
Agus bhaintí go leor ba slí bheatha é déarfaidh mé ó Bhealtaine amach go Meán Fómhair arís.
And it was a livelihood for many, I will say, from May until September again.
Ba shin úsáid amháin a bhain
That was one use it had.