0:00

Transcription Segments

Á, bhí sé thar cionn, nach raibh? Ach oiread leat féin.

Ah, it was excellent, wasn't it? Just like yourself.

Nach breá an Gaeilgeoir, bail ó Dhia air, atá thall i Tenerife?

Isn't he a fine Irish speaker, God bless him, over in Tenerife?

Cen ait i gContae Maigh Eo ar ais a dhuit?

Where in County Mayo are you from again?

Is as Cathair Na Mart mé.

I am from Westport.

Muise ab ea?

Really, is that so?

Agus nuair a chuir tú an teachtearacht anall anseo againn, bhí tú i gCarna, agus bhí tú thiar ag an siamsa, agus bhí tú thiar ag an. . . ag ceol agus amhráin a bhí thiar i gCarna.

And when you sent the message over here to us, you were in Carna, and you were over at the entertainment, and you were over at the. . . at the music and songs that were over in Carna.

Bhí, ar ndóigh, agus chomh maith leis. . . is ea, bhí cupla siamsa acu i gCarna chuile. . . bhoil, chuile bhliain, agus bhí mé ansin

I was, of course, and as well as. . . yes, they had a few entertainments in Carna every. . . well, every year, and I was there

sin í an áit ar casadh orm Dara Bán, blianta ó shin, beannacht Dé lena anam.

that's where I met Dara Bán, years ago, God rest his soul.

Agus ar ndóigh bhí mé ag an bhféile a rinne tú féin, a chuir tú féin i láthair -

And of course, I was at the festival you yourself organized, that you yourself presented -

Féile Choilm De Bhailís.

Féile Choilm De Bhailís.

Bhí mé ag go leor acu na laethanta sin.

I was at many of them in those days.

Blianta ó shin, ar ndóigh.

Years ago, of course.

'Bhfuil tú fhad thall anois i Tenerife, a bhfuil?

Are you still far away now in Tenerife?

Tá mé abhus anois le cúig bliana déag.

I have been here for fifteen years now.

Ó, a' bhfuil, bail ó Dhia ort, a' bhfuil? Bhoil, ní ar laethanta saoire a chuaigh tú. . . atá tú ann mar sin agus tú chúig bliana déag ann?

Oh, have you, God bless you, have you? Well, you didn't go on holidays. . . you are there for fifteen years?