Pádraic Thomáis Ó Raghallaigh i dTenerife
Agallamh le MTS ar rnag.ie
Duration
7:10Automatic Transcriptions
125Validated
107Completion
85.6%Transcription Segments
Tá mé a' ghoil thart á tarraingt, agus leis an strimmer chomh maith.
I'm going around pulling it, and with the strimmer as well.
Muise, ab ea?
Really, is that so?
Agus an bhfuil beithígh agat ansin, an bhfuil, agus rudaí?
And do you have cattle there, do you, and things?
Níl, ar ndóigh.
No, of course not.
Bhíodh cearca agam, agus rudaí beaga mar sin, agus coiníní, ach níl aon ainmhí mór agam.
I used to have chickens, and small things like that, and rabbits, but I don't have any big animals.
Níl.
No.
Ach i gcónaí bhínn ag plé leis na cearca agus na héanlaithe.
But I was always dealing with the chickens and the birds.
Ó, ab ea?
Oh, really?
Agus is gearr go bhfaighidh mé cearca úra, tá súil agam.
And I hope to get new chickens soon.
Is ea. An bhfuil mórán cearca 'ad, a' bhfuil?
Indeed. Do you have many chickens, do you?
Níl faoi láthair, ach bhíodh i gcónai.
Not at the moment, but I used to always.
Bhíodh go leor acu agam, ach faoi láthair níl aon cheann agam, agus tá mé ag iarraidh é sin a athrú.
I used to have a lot of them, but at the moment I don't have any, and I'm trying to change that.
B'fhéidir an chéad mhí eile, b'fhéidir go bhfaighidh mé scata cearca, le cúnamh Dé.
Maybe next month, maybe I'll get a batch of chickens, God willing.
Ní raibh mise thall i Tenerife ariamh, ach tá a fhios agam go dtéann go leor anonn ann ar a laethanta saoire.
I have never been over in Tenerife, but I know many go there on their holidays.
An bhfuil tusa anois gar den áit a dtéann daoine ar a laethanta saoire ann?
Are you now near the place where people go on their holidays?