Na cait fhiáine
https://www.doegen.ie/LA_1126g1
Duration
4:06Automatic Transcriptions
53Validated
53Completion
100.0%Transcription Segments
Bhí fear cneasta, oibre ag goil an bóthar.
An honest working man was travelling along the road.
Casadh robálaí dhó.
He met a robber.
Chuaigh siad ag caint.
They started talking.
Goidé an sórt deis theacht i dtír atá agad?.
"What kind of means have you to live on?"
Fear cneasta cruaidh oibre atá ionam, ag iarraidh mo bheatha a tharraingt leis an (...) (cneasta).
"I am an honest hard working man trying to spend my life with the (...).
Goidé an sórt fear thú féin?
What kind of a man are you yourself?"
Robálaí.
"A robber."
Ó, arsa fear an chneastacht.
Oh," said the honest man.
Bhí fear...Ghoidfinn a oiread aon oíche amháin agus saothrófá i gcaitheamh do shaoil.
"There was a man...In one night I would rob as much as you would earn your whole life," he said.
Bhuail fear an chneastacht (...).
The honest man (...).
Cén geall a chuirfeas tú?
"What will you bet?"
Cuirfidh mé cúig phunta leat.
"I will bet you five pounds," said the honest man.
Chuir siad cúig phunta.
They bet five pounds.
Cé bhfágfaidh muid le socrú aige é?
"Who will we leave it with to settle?"
An chéad fhear a chasfaíor dhúinn ar an mbóthar.
"The first man we meet on the road."