Agallamh le Mícheál Ó Neachtain (30/05/1988)
Cuirtear Mícheál Ó Neachtain ó Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo faoi agallamh san eagrán seo den chlár Sé do Bheatha Rugadh Mícheál sa bhliain 1900, agus nuair a rinneadh an t-agallamh bhí cónaí air taobh amuigh de Chrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo. Labhraíonn sé faoina shaol agus faoin obair a bhí sa cheantar le linn a óige. Luaitear Tiarnaí Talún an cheantair (Ross-Ford agus Gibbons) agus na gníomhairí a bhí acu. Labhraíonn sé faoin nGaeilge sa taobh sin tíre (ní raibh Béarla ag a mháthair, ná aige féin sula ndeachaigh sé ar scoil). Bhí sé ag Oireachtas sna Gaeilge i mBaile Átha Cliath – bhuaigh sé an chéad duais (£5) sa chatagóir Gaeilge an Teaghlaigh. Chuaigh sé ag iascaireacht tar éis na scoile. Ansin chuaigh sé ar imirce go hAlbain i 1919 agus é 19 mbliana d’aois. Bhí sé gníomhach san IRA in Albain tar éis dó casadh le baill den IRA ó Bhaile Átha Cliath i nGlaschú. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla an IRA i nGlaschú – ag aimsiú gunnaí agus arm agus á gcur abhaile go hÉirinn. Déanann sé trácht ar eachtra ar leith ina ndearnadh iarracht Frank Carty, a toghadh mar Theachta Dála ina dhiaidh sin, a scaoileadh saor ó veain phríosúin, agus ar eachtra eile nuair a rinne na húdaráis ruathar airm ar mhianaigh lasmuigh de Ghlaschú. Bhunaigh sé buíon de na hÓglaigh nuair a tháinig sé abhaile go Béal Deirg san 1920í – dar leis nach raibh aon chaint faoin IRA sa cheantar gur tháinig sé abhaile. Tar éis na scoilte chuaigh sé le taobh de Valera. Ní phléitear mórán faoin gCogadh Cathartha seachas tagairt dó a bheith thuas sna cnoic agus saighdiúir an tSaorstáit ina dhiaidh. Críochnaíonn an t-agallamh le píosa cainte faoina chuid oibre ag bailiú béaloidis. Scríobh sé ceithre leabhar béaloidis - trí cinn i mBéarla agus ceann i nGaeilge – ach níor foilsíodh iad (tá siad caomhnaithe anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath). Is beag meas atá aige ar an EEC – ’níl duine ar bith ina mháistir air fhéin’ – agus a gcuid rialacha maidir le heorna, bainne agus iascaireacht.
Duration
29:36Automatic Transcriptions
716Confirmed
0Completion
0.0%Transcription Segments
an té a bheas ag caint agus ag comhrá liom mar seo go ceann leathuair an chloig
the one who will be talking and chatting with me for half an hour.
tá sé ar dhuine de na daoine deiridh ó cheantar Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo a bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán
he is one of the last people from the Belderrig area on the north coast of Mayo who have Irish from the cradle.
sin é Micheál Ó Neachtain
that is micheál ó neachtain.
a bhfuil cónaí air anois i dteach a iníne i ndiaidh nach beag cúpla míle taobh amuigh de Chrois Mhaoilíona
who now lives in his daughter's house a few miles outside of Crossmolina
rugadh Micheál ar an séú lá den chéad mhí an Fhomhair sa bhliain míle naoi gcéad
Micheál was born on the sixth day of the first month of the year nineteen hundred.
Rugadh mé i nGaobhrán, sa teach, sa teach ansin go fóill. Sin in aice le
I was born in Gaobhrán, in the house, the house is still there. That's next to
Tá Béal Deirg ina thrí bhaile:
Béal Deirg is made of three villages:
Béal Deirg Beag, agus Gaobhrán
Béal Deirg Beag, and Geeveraune
in aice le Oileán na gCapall
next to Oileán na gCapall
bhí mé i mianaigh bhí siad ag
I was in mines they were it.