Agallamh le Mícheál Ó Neachtain (30/05/1988)
Cuirtear Mícheál Ó Neachtain ó Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo faoi agallamh san eagrán seo den chlár Sé do Bheatha Rugadh Mícheál sa bhliain 1900, agus nuair a rinneadh an t-agallamh bhí cónaí air taobh amuigh de Chrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo. Labhraíonn sé faoina shaol agus faoin obair a bhí sa cheantar le linn a óige. Luaitear Tiarnaí Talún an cheantair (Ross-Ford agus Gibbons) agus na gníomhairí a bhí acu. Labhraíonn sé faoin nGaeilge sa taobh sin tíre (ní raibh Béarla ag a mháthair, ná aige féin sula ndeachaigh sé ar scoil). Bhí sé ag Oireachtas sna Gaeilge i mBaile Átha Cliath – bhuaigh sé an chéad duais (£5) sa chatagóir Gaeilge an Teaghlaigh. Chuaigh sé ag iascaireacht tar éis na scoile. Ansin chuaigh sé ar imirce go hAlbain i 1919 agus é 19 mbliana d’aois. Bhí sé gníomhach san IRA in Albain tar éis dó casadh le baill den IRA ó Bhaile Átha Cliath i nGlaschú. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla an IRA i nGlaschú – ag aimsiú gunnaí agus arm agus á gcur abhaile go hÉirinn. Déanann sé trácht ar eachtra ar leith ina ndearnadh iarracht Frank Carty, a toghadh mar Theachta Dála ina dhiaidh sin, a scaoileadh saor ó veain phríosúin, agus ar eachtra eile nuair a rinne na húdaráis ruathar airm ar mhianaigh lasmuigh de Ghlaschú. Bhunaigh sé buíon de na hÓglaigh nuair a tháinig sé abhaile go Béal Deirg san 1920í – dar leis nach raibh aon chaint faoin IRA sa cheantar gur tháinig sé abhaile. Tar éis na scoilte chuaigh sé le taobh de Valera. Ní phléitear mórán faoin gCogadh Cathartha seachas tagairt dó a bheith thuas sna cnoic agus saighdiúir an tSaorstáit ina dhiaidh. Críochnaíonn an t-agallamh le píosa cainte faoina chuid oibre ag bailiú béaloidis. Scríobh sé ceithre leabhar béaloidis - trí cinn i mBéarla agus ceann i nGaeilge – ach níor foilsíodh iad (tá siad caomhnaithe anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath). Is beag meas atá aige ar an EEC – ’níl duine ar bith ina mháistir air fhéin’ – agus a gcuid rialacha maidir le heorna, bainne agus iascaireacht.
Recording Information
bhoil, Gaeilge a bhí sa scoil ag an am sin, an é?
Well, it was Irish that was in the school at that time, is it?
Ní hea--Béarla?--Béarla, Béarla--Béarla a bhí ann--Ní raibh focal ar bith
It is not--English?--English, English--English was there--There wasn't a word...
agus gan Béarla ar bith ag na páistí beaga
and the small children not having any English.
ní raibh Béarla acu chor ar bith. Ní raibh focal Béarla agamsa nuair a, nuair a bhí nuair théadh mé chun na scoile
They didn't have any English at all. I didn't have a word of English when, when I went to school.
ná ní raibh Béarla ag mo mháthair
nor did my mother have English.
bhí sé ag dul ar scoil ag na
he was going to school at the
gcomhlachtaí leis an, leis an...na máistrí eile, 'bhfuil 'fhios agat, roimis sin
companies with, with the other teachers, you know, before that.
agus bhí sé sin, oh bhí, bhí neart Gaeilge, uh, neart Béarla aigesean
and he had plenty of Irish, uh, plenty of English.