Agallamh le Mícheál Ó Neachtain (30/05/1988)
Cuirtear Mícheál Ó Neachtain ó Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo faoi agallamh san eagrán seo den chlár Sé do Bheatha Rugadh Mícheál sa bhliain 1900, agus nuair a rinneadh an t-agallamh bhí cónaí air taobh amuigh de Chrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo. Labhraíonn sé faoina shaol agus faoin obair a bhí sa cheantar le linn a óige. Luaitear Tiarnaí Talún an cheantair (Ross-Ford agus Gibbons) agus na gníomhairí a bhí acu. Labhraíonn sé faoin nGaeilge sa taobh sin tíre (ní raibh Béarla ag a mháthair, ná aige féin sula ndeachaigh sé ar scoil). Bhí sé ag Oireachtas sna Gaeilge i mBaile Átha Cliath – bhuaigh sé an chéad duais (£5) sa chatagóir Gaeilge an Teaghlaigh. Chuaigh sé ag iascaireacht tar éis na scoile. Ansin chuaigh sé ar imirce go hAlbain i 1919 agus é 19 mbliana d’aois. Bhí sé gníomhach san IRA in Albain tar éis dó casadh le baill den IRA ó Bhaile Átha Cliath i nGlaschú. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla an IRA i nGlaschú – ag aimsiú gunnaí agus arm agus á gcur abhaile go hÉirinn. Déanann sé trácht ar eachtra ar leith ina ndearnadh iarracht Frank Carty, a toghadh mar Theachta Dála ina dhiaidh sin, a scaoileadh saor ó veain phríosúin, agus ar eachtra eile nuair a rinne na húdaráis ruathar airm ar mhianaigh lasmuigh de Ghlaschú. Bhunaigh sé buíon de na hÓglaigh nuair a tháinig sé abhaile go Béal Deirg san 1920í – dar leis nach raibh aon chaint faoin IRA sa cheantar gur tháinig sé abhaile. Tar éis na scoilte chuaigh sé le taobh de Valera. Ní phléitear mórán faoin gCogadh Cathartha seachas tagairt dó a bheith thuas sna cnoic agus saighdiúir an tSaorstáit ina dhiaidh. Críochnaíonn an t-agallamh le píosa cainte faoina chuid oibre ag bailiú béaloidis. Scríobh sé ceithre leabhar béaloidis - trí cinn i mBéarla agus ceann i nGaeilge – ach níor foilsíodh iad (tá siad caomhnaithe anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath). Is beag meas atá aige ar an EEC – ’níl duine ar bith ina mháistir air fhéin’ – agus a gcuid rialacha maidir le heorna, bainne agus iascaireacht.
Duration
29:36Automatic Transcriptions
716Confirmed
0Completion
0.0%Transcription Segments
as acaill bhí seisean ag obair linn
From Achill he was working with us.
ach bhí seisean nuair a tháinig sí ar ais go glasgow a bhí seisean
but he was there when she came back to Glasgow he was there.
bhí sé é féin ina bhí nóra ina mhianadóir
He was himself in what Nora was in her miner.
faigh ff síle mar níl a fhios agam anois cén t-ainm a bhí air
find ff síle because I don't know now what the name was.
ó fuair sin gunnaí ansin nuair a tháinig sé go glaschú chun raidhfil
since then he got guns there when he came to Glasgow to rifle.
bhíodh cuide de na éireannaigh 'bhfuil 'fhios agat bhí tá a fhios agam
Some of the Irish used to be, you know, I know.
gur
that