Agallamh le Mícheál Ó Neachtain (30/05/1988)
Cuirtear Mícheál Ó Neachtain ó Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo faoi agallamh san eagrán seo den chlár Sé do Bheatha Rugadh Mícheál sa bhliain 1900, agus nuair a rinneadh an t-agallamh bhí cónaí air taobh amuigh de Chrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo. Labhraíonn sé faoina shaol agus faoin obair a bhí sa cheantar le linn a óige. Luaitear Tiarnaí Talún an cheantair (Ross-Ford agus Gibbons) agus na gníomhairí a bhí acu. Labhraíonn sé faoin nGaeilge sa taobh sin tíre (ní raibh Béarla ag a mháthair, ná aige féin sula ndeachaigh sé ar scoil). Bhí sé ag Oireachtas sna Gaeilge i mBaile Átha Cliath – bhuaigh sé an chéad duais (£5) sa chatagóir Gaeilge an Teaghlaigh. Chuaigh sé ag iascaireacht tar éis na scoile. Ansin chuaigh sé ar imirce go hAlbain i 1919 agus é 19 mbliana d’aois. Bhí sé gníomhach san IRA in Albain tar éis dó casadh le baill den IRA ó Bhaile Átha Cliath i nGlaschú. Labhraíonn sé faoi eachtraí éagsúla an IRA i nGlaschú – ag aimsiú gunnaí agus arm agus á gcur abhaile go hÉirinn. Déanann sé trácht ar eachtra ar leith ina ndearnadh iarracht Frank Carty, a toghadh mar Theachta Dála ina dhiaidh sin, a scaoileadh saor ó veain phríosúin, agus ar eachtra eile nuair a rinne na húdaráis ruathar airm ar mhianaigh lasmuigh de Ghlaschú. Bhunaigh sé buíon de na hÓglaigh nuair a tháinig sé abhaile go Béal Deirg san 1920í – dar leis nach raibh aon chaint faoin IRA sa cheantar gur tháinig sé abhaile. Tar éis na scoilte chuaigh sé le taobh de Valera. Ní phléitear mórán faoin gCogadh Cathartha seachas tagairt dó a bheith thuas sna cnoic agus saighdiúir an tSaorstáit ina dhiaidh. Críochnaíonn an t-agallamh le píosa cainte faoina chuid oibre ag bailiú béaloidis. Scríobh sé ceithre leabhar béaloidis - trí cinn i mBéarla agus ceann i nGaeilge – ach níor foilsíodh iad (tá siad caomhnaithe anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath). Is beag meas atá aige ar an EEC – ’níl duine ar bith ina mháistir air fhéin’ – agus a gcuid rialacha maidir le heorna, bainne agus iascaireacht.
Status
Topics
Identified Speakers
Mícheál is described as having Irish from the cradle and was born in 1900, making him elderly at the time of the interview.
Locations
feiliméireacht iascaireacht
Farming fishing.
raibh feilm mhór agaibh
you had a big farm.
an ndéarfá an béal
Would you say the mouth.
shocraigh
decided
mmm
mmm
Agus creidim go raibh tú ag obair ar bhéaloideas a bhailiú thart sa cheantar sin. Cé chaoi ar tharla sé sin agus chaith tú mórán blianta leis?
And I believe you were collecting folk stories around the area. How did that happen, and did you spend many years on it?
ach bhí sé
but he was
sílim gur forty mé
I think I am forty.
bhí leo agus ag obair
They succeeded and were working.
agus ar bhailigh tú mórán anois thart sa cheantar?
and did you collect much around much in the area?
mmm
mmm
ar mhaith leat tú mórán béaloideas
Would you like a lot of folklore?
scríobh mé ceithre leabhar leo
I wrote four books from them.