"Turas Siar 150 - Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr agus Máirtín Mac Donnchadha, RnaG
Béarla ar na fógraí bóthair sa nGaeltacht, caomhnú ar an gceantar áitiúil, na focla ‘dúradán’, ‘lapadán’
Recording Information
Ach ar mhuintir na háite.
"But on the local people..."
Em mar cuir i gcás tá muid ag caint ar dhaoine a theacht isteach sa gceantar gan aon Ghaeilge acu.
For example, let's say we are talking about people coming into the area without any Irish.
An méid turasóirí a thagann isteach sa gceantar gan aon Bhéarla acu.
The number of tourists who come into the area without any English.
Agus cén mhaith an diabhail an rud a bheith i mBéarla ná i nGaeilge don té gur Rúisis atá aige nó gur Spáinnis atá aige nó gur
And what good is it for something to be in English or in Irish for someone who has Russian or who has Spanish or who.
Ar ndóigh níl sé ag dul ag déanamh agus nach nach nach ar mhuintir na háite i ndáiríre muintir an cheantair.
Of course, he is not going to do it and not really on the local people, the people of the area.
Nach iadsan is mó atá corraithe faoin siad faoi go gcuirfí an t-athrú seo air?
Aren't they the most agitated about him that this change would be made to him?
Bhuel siad tá cuid mhaith daoine tá siad tá cuid mhaith daoine feictear dom a bhíonns a bhíonns ag clamhsán faoi na rudaí seo agus
Well they there are quite a few people they there are quite a few people it seems to me who are who are complaining about these things and.
Gur le dul le aird a bhíonns cuid mhaith daoine nuair nuair a ghabhfas duine amháin ar an gcairt go gcaithfidh chuile dhuine a dhul ar an gcairt.
That many people follow suit when one person gets on the cart, everyone must get on the cart.
Sílim go mb'fhearr é a bheith fágtha mar a bhí sé.
I think it would be better to leave it as it was.
Bhí muid sách fada. Tá tá tá neart argóint faoi chuid mhaith rudaí istigh in Iorras.
We were quite long. There is plenty of argument about many things in Erris.