Turas Siar 191 - Pádraic Ó Maolruaidh as Leitir Fhinín ó dhúchas, ag caint le Seán Ó hÉalaí i stiúideo RnaG. Cluineann muid Pádraic ag rá amhrán, “Bean a’ Leanna”.
Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta
Duration
7:28Automatic Transcriptions
78Confirmed
0Completion
0.0%Transcription Segments
Áit: Níl, níl sórt trioblóid ar bith faoin domhan an bealach sin ann.
Place: No, there isn’t any kind of trouble in the world that way at all.
Agus tá tú ansin le scaitheamh maith de bhlianta anois seans a Phádraig an bhfuil?
And you’re there now for a good few years, maybe, Patrick, are you?
Tá mé ann ón mbliain naoi déag seasca cúig.
I have been here since the year nineteen sixty-five.
Agus nach breá, ní raibh focal ar bith fút go dtí go ndeachaigh tú ar ar an cd seo.
And isn’t it great, there wasn’t a word out of you until you went on this CD...
Is dóigh gur tú féin a fuair amach ó thús mé.
I suppose it was you yourself who found me out from the start.
'Sin an fhírinne a rá an mbíodh tú ag amhránaíocht mórán thart timpeall ní raibh a fhios ní raibh a fhios bhí mé bhí mé ar an aer fadó ag Raidió na Gaeltachta mar adeir ag Proinsias Ó Conluain fadó le déanamh go ndéana Dia grásta luaigh mé gur bhásaigh sé má bhásaigh bhí bhí sé i dTuar Mhic Éadaigh agus 'sé Tomás Ó Tuathail a thug go Tuar Mhic Éadaigh é.
To tell the truth, did you use to sing much around (the place)? I didn’t know, I didn’t know. I was, I was on the air long ago on Raidió na Gaeltachta, as Proinsias Ó Conluain used to say long ago, to do as God wills. I mentioned that he died, if he died, he was, he was in Tourmakeady and it was Tomás Ó Tuathail who brought him to Tourmakeady.
Agus thug, bhí Tomás, bhí eolas aige ar an dream a raibh amhrán seanamhráin Ghaeilge acu, an dtuigeann tú?
And Tomás gave, he knew the people who had an old Irish song, do you understand?
Agus thug siad anoir ar an mbaile, ar an mbaile a tógadh sa rugaimse ann.
And they brought it east to the town, to the town that was built in the place where I was born.
'Sin é an áit an áit a casadh liomsa Proinsias Ó Conluain an chéad uair ariamh.
That is the place where I met Proinsias Ó Conluain for the very first time ever.
Trí cinn de do chuid amhráin atá ar an CD seo Amhrán na n-Asal mar a chuala muid ansin agus tá ceann eile air chomh maith a thaitníonns go mór liom Sílim gur i dTigh Phaidí a rinne muid an taifeadadh seo oíche amháin.
Three of your songs are on this CD—Amhrán na n-Asal as we heard there, and there is another one on it as well that I really like. I think it was in Tigh Phaidí that we made this recording one night.