Turas Siar 250 - Tá dhá phíosa sa mír seo: 1) Agallamh a rinne Seán Ó hÉalaí le Pádraig Ó Maolfhábhaill, máistir scoile as Inis Gé a chaith blianta fada ag múineadh scoile i Seanachaidh, 2) Cuairt a thug Ó hÉalaí agus dream de mhuintir na háite ar Inis...
©RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Duration
12:43Automatic Transcriptions
160Confirmed
0Completion
0.0%Transcription Segments
Bhí an chuid eile den oileán, an oileán, fágtha ina halla comónta eatarthu agus bhíodh na ba agus na beithígh agus na hasail agus na géabhaí agus 'chuile shórt fud an oileáin ar fad agus ní raibh.
The rest of the island, the island, was left as a common hall between them and the cows and the cattle and the donkeys and the goats and every sort (of animal) would be all over the whole island and there was not...
Istigh taobh istigh den chlaí ach an méid talaí a mbídís ag cur na bhfataí agus ag cur na horna.
Inside within the fence but only the amount of ground where they used to plant the potatoes and plant the barley.
Agus a gharraí beag féin ansin ag 'chuile dhuine taobh istigh den den chlaí ansin agus d'oibrigh sé sin. Ní raibh aon troid mórán ná rud ar bith mar sin. An mbíodh óh ní raibh ná raibh?
And everyone had their own little garden then inside the fence there, and that worked. There wasn't much fighting or anything like that. Would there be? Oh, there wasn't, there wasn't.
Bhí na ba uilig amuigh le chéile agus bhídís amuigh ar fud an oileáin ar fad ó cheann go ceann.
All the cows were out together and they used to be out all over the whole island from end to end.
Ar oibrigh go crua ar an oileán é?
Did he work hard on the island?
Ah, d'oibrigh siad go crua, d'oibrídís go cruaidh ag iascaireacht, chaithidís an samhradh ag iascaireacht.
Ah, they worked hard, they used to work hard at fishing, they used to spend the summer fishing..
Agus an fómhar chaithidís an geimhreadh ag cur amach leath ar an talamh agus ag cur suas slata mara le haghaidh ceilp.
And in the autumn they would spend the winter spreading seaweed on the land and setting up poles for kelp.
Ansin san earrach thosaídís ag curaíocht.
Then in the spring they would begin ploughing.
Agus chaithidís ansin a dhul ag baint fraoi le haghaidh potaí gliomach a dhéanamh nó ag déanamh potaí Francach nó ag cur deis ar an gcurach nó ag déanamh curach dubh nó b'fhéidir ag déanamh céaslaí agus ag cur deis ar a gcuid géar le haghaidh ní na hiascaireachta.
And then they would have to go cutting heather to make lobster pots or making French pots or repairing the currach or making a black currach or perhaps making oars and repairing their gear for fishing things.
Raibh portach ar bith ar na hoileáin?
Was there any bog on the islands?
Ní raibh portach ar bith ann ach chaithfidís a dhul i bhfad is i bhfad i gcoinne na móna.
There was no bog at all but they would have to go far, far against the turf.