Turas Siar 394 - Pádhraic S. Ó Murchú as an gCartúr agus Máirtín Mac Donnchadha, RnaG: An chaoi a n-úsáidtí an cholainn le rudaí a thomhas.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Tá go leor cainte tarraingthe ag na ceisteanna a bhí daoine a chur faoi chúrsaí meáchain idir meáchain cleite agus ór agus coirce agus eorna agus cruithneacht agus seanfhataí agus fataí nua agus málaí dhá chéad agus bairillí agus eile ach bhí Pádraic as ag cuimhneamh air féin le seachtain agus nuair a bhí sé ag caint linn ansin an lá cheana bhí sé díreach ag tosú ag tabhairt tuairisc dhúinn ar an gcaoi a n-úsáidfeadh an seandream an cholainn le rudaí a thomhais. Cén chaoi a bhfuil tú ar maidin a Phádraig?
The questions people were asking about matters of weight between featherweight and gold and oats and barley and wheat and old potatoes and new potatoes and two-hundredweight bags and barrels and others have attracted a lot of talk, but Pádraic had been thinking about it himself for a week and when he was talking to us the other day he was just starting to give us a report on how the old people used the body to measure things. How are you this morning, Pádraig?
Ceann de na rudaí a bhí tú a rá faoin tomhais agus b'éigean dúinn cineál deireadh a chur leis cineál tobann ach bhí tú ag caint ar na tomhaisí ó bharr na méire go barr na sróine nach ea a bhíodh ag na mná le haghaidh tomhais a dhéanamh ar éadach agus rudaí.
One of the things you were saying about the measurements and we had to kind of end it rather suddenly but you were talking about the measurements from the tip of the finger to the tip of the nose, isn’t that right, that the women used to use for measuring cloth and things..
Ó bharr na méara go barr go dtí an go dtí an áit a lúbann a lámh ag an mbois, mar a déarfá.
From the tips of the fingers to the top to the place where the hand bends at the palm, as you might say...
Ar ar thoiseacht a láimh anois, mar a déarfá.
At the tip of his hand now, as you’d say..
Thiseadh an táilliúr an t-éadach a m'athair ar an gcaoi sin fadó.
The tailor used to cut my father's cloth that way long ago.
Agus céard a bheadh ansin sé horlaí nó
And what would be there then, six inches or.