Turas Siar 398 - Tomás “The Doc” Ó Máille as an tSraith, Tuar Mhic Éadaigh, beannacht Dé lena anam, agus Máirtín Mac Donnchadha, Raidió na Gaeltachta : go leor focla le cur síos a dhéanamh ar dhaoine.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Status
Topics
Identified Speakers
The speaker's name and location are provided in the title. The use of traditional Irish names and the context of the conversation suggest an elderly native speaker.
Locations
Is dóigh an pusach ann go go mbeadh cineál srón b'fhéidir agus
It is likely the sulky one there would maybe have a kind of nose and.
Go mbeadh pus air.
That he would have a sulky face..
Agus an snaprachán, tádar sin an-ghar a bheadh
And the snapper, they are very close indeed.
'Sea, ní caithfidh mé a rá anois níor chuala mise an focal sneatar nó go dtáinig mé go Contae Mhaigh Eo bhí muid dhá phlé anseo le duine éigin bhí sé ag caint liom agus ní raibh a fhios agam beo cén chaoi a raibh sé ag caint ach níor chuala mé níor chuala mé thíos i gConamara ach tá sé agaibhse coitianta go leor an focal sneatar.
Yes, I must say now I never heard the word "sneatar" until I came to County Mayo, we were discussing it here with someone, he was talking to me and I didn’t have a clue what he was talking about, but I never heard it, I never heard it down in Connemara, but you have it fairly common, the word "sneatar".
Agus déan ag déanamh tine anailís anois dhom ar an difríocht.
And now do an analysis for me on the difference.
Idir an té a mbeadh smaois air agus an té a mbeadh sneatar air.
Between the one who would have sense and the one who would have a runny nose...