Dictionary Entry
Bhoil. Ó bhí mise a' gabháil na scoile. Bhí an-suim i gcónaí i mapaí na hEorpa agus na na Meiriceá agus an chaoi ar tháinig an domhan le chéile agus an chaoi ar bhris sé suas agus ar an gcaoi sin ba bhí bhí suim agam i gcónaí i gcúl mo chéim faoi ghnaithí logainmneacha agus cén chaoi a mbeifeá in ann iad a mharcáil isteach. Now bhí muid i gcónaí agus bíonn daoiní a' rá tá a fhios againn cén áit iad na na príomhchathracha ar fud an domhain agus bhí sé mar mar mar an t-aos óg chomh maith bhí fhios acu faoi níos mó faoi Cornation Street ná a bhí fhios acu faoi áiteachaí thimpeall baile agus tá bhí saibhreas mór oidhreachta thart inár dtimpeall agus ba shin é an chaoi i gcónaí go mba mhaith liom a rá go raibh mapa in ann rud a thaispeáint le áit ar bith a dteastaíonn uait a dhul ná meas ar an mbóthar é ná in áit ar bith eile caithfidh tú mapa a piocadh suas go bhfeicfidh tú cén áit a bhfuil mé.
Well. Since I was going to school. I always had a great interest in the maps of Europe and America and how the world came together and how it broke up and in that way I always had an interest in the background of my studies in the habits of place names and how you would be able to mark them in. Now we always were, and people say, we know where the capitals are all over the world and it was like that, the young people as well, they knew more about Coronation Street than they knew about places around the town and there is a great wealth of heritage around us and that was always the way, so I would like to say that a map can show something, wherever you want to go, whether it’s on the road or anywhere else, you have to pick up a map to see where I am.
Version History
A list of all versions of this dictionary entry.
| Version | Date | Author | Word/Phrase | Translation | Actions |
|---|---|---|---|---|---|
| 0 | 16 days ago | system | Bhoil. Ó bhí mise a' gabháil na scoile. Bhí an-suim i gcónaí i mapaí na hEorpa agus na na Meiriceá agus an chaoi ar tháinig an domhan le chéile agus an chaoi ar bhris sé suas agus ar an gcaoi sin ba bhí bhí suim agam i gcónaí i gcúl mo chéim faoi ghnaithí logainmneacha agus cén chaoi a mbeifeá in ann iad a mharcáil isteach. Now bhí muid i gcónaí agus bíonn daoiní a' rá tá a fhios againn cén áit iad na na príomhchathracha ar fud an domhain agus bhí sé mar mar mar an t-aos óg chomh maith bhí fhios acu faoi níos mó faoi Cornation Street ná a bhí fhios acu faoi áiteachaí thimpeall baile agus tá bhí saibhreas mór oidhreachta thart inár dtimpeall agus ba shin é an chaoi i gcónaí go mba mhaith liom a rá go raibh mapa in ann rud a thaispeáint le áit ar bith a dteastaíonn uait a dhul ná meas ar an mbóthar é ná in áit ar bith eile caithfidh tú mapa a piocadh suas go bhfeicfidh tú cén áit a bhfuil mé. | not translated |