Dictionary Entry

Agus lena taobh siúd tá Tony Chatherine Antaine as Poll an Bhruic ar Leithinis an Chorráin in Acaill, Tony Chatherine. Chaith sé píosa dá shaol ag obair mar altra in Ospidéal Naomh Muire i gCaisleán an Bharraigh agus dhá réir sin is aige a bhíonns an focal deireanach nuair a bhíonns muid ag caint ar leigheasanna agus rudaí den tsórt sin ach ní féidir é a shárú ar sheanfhocla agus ar leaganacha cainte ach an oiread. Tá dhá leabhar leis foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta, seanfhocail as Acaill agus a chomhairle féin do Mhac Anna Seoda as Acaill agus mura bhfuil na leabhra sin ar an seilf agaibh téigí amach go beo agus fágaigí iad ar mo dheasláimh anseo. Tá an boscadóir Vincent McGrath is as Baile Beag Ros Dumhach Vincent, boscadóir breá é agus cumadóir ceoil freisin. Tá dlúthcheirnín foilsithe aige dar teideal ó cheartlár mo chroí a chloiseann sibh go minic ar Raidió na Gaeltachta. Ní ón ngaoth ná ón mbáisteach a fuair sé a chumas. Tháinig sé ó dhreama.

And beside him is Tony Chatherine Antaine from Poll an Bhruic on the Currane Peninsula in Achill, Tony Chatherine. He spent a part of his life working as a nurse in St. Mary’s Hospital in Castlebar and because of that he always has the last word when we’re talking about remedies and things of that sort, but he can’t be surpassed when it comes to proverbs and turns of phrase either. He has two books published by Cló Iar-Chonnachta, proverbs from Achill and his own advice for Mac Anna Seoda from Achill, and if you don’t have those books on your shelf, go out right away and leave them at my right hand here. The box player Vincent McGrath is from Baile Beag Ros Dumhach, Vincent, a fine box player and a composer as well. He has a CD published entitled “ó cheartlár mo chroí” which you often hear on Raidió na Gaeltachta. He didn’t get his talent from the wind or the rain. He came from a family...

Speaker: SPEAKER_06_108
Translator: Unknown
Quality: low

Version History

A list of all versions of this dictionary entry.

Version Date Author Word/Phrase Translation Actions
0 15 days ago system Agus lena taobh siúd tá Tony Chatherine Antaine as Poll an Bhruic ar Leithinis an Chorráin in Acaill, Tony Chatherine. Chaith sé píosa dá shaol ag obair mar altra in Ospidéal Naomh Muire i gCaisleán an Bharraigh agus dhá réir sin is aige a bhíonns an focal deireanach nuair a bhíonns muid ag caint ar leigheasanna agus rudaí den tsórt sin ach ní féidir é a shárú ar sheanfhocla agus ar leaganacha cainte ach an oiread. Tá dhá leabhar leis foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta, seanfhocail as Acaill agus a chomhairle féin do Mhac Anna Seoda as Acaill agus mura bhfuil na leabhra sin ar an seilf agaibh téigí amach go beo agus fágaigí iad ar mo dheasláimh anseo. Tá an boscadóir Vincent McGrath is as Baile Beag Ros Dumhach Vincent, boscadóir breá é agus cumadóir ceoil freisin. Tá dlúthcheirnín foilsithe aige dar teideal ó cheartlár mo chroí a chloiseann sibh go minic ar Raidió na Gaeltachta. Ní ón ngaoth ná ón mbáisteach a fuair sé a chumas. Tháinig sé ó dhreama. not translated