Agus bhíodh Seán ag faire síos ar íochtar an tí agus d'fheiceadh sé scáile Phílí Cat thíos ar an mbinn; bhí sé ag tíocht idir solas na tineadh agus an bhinn.
And Seán would look down at the bottom of the house and he would see the shadow of Pílí Cat down on the hearth; he was coming between the light of the fire and the hearth.
Ar an taobh eile den scéal nuair a bhíodh an suipéar ite tráthnóna bhuaileadh Caolchat an bóthar amach ar an bpoll a bhí ar an doras iataí agus bhíodh amuigh ar feadh na hoích' agus sin an uair a laindeáleadh sé ar maidin nuair a bhíodh Seán ag éirí.
"On the other side of the story, when supper was eaten in the evening, Skinny Cat would hit the road out through the hole in the closed door and would be out all night, and that's when he would return in the morning when John was getting up."
Isteach aríst ar an bpoll a bhí sa doras agus nuair a bhíodh an bricfeasta ite théadh sé suas agus shíneadh sé siar os comhair na tineadh agus ligeadh sé néal as a chlaigeann.
Back in through the hole in the door, and when breakfast was eaten, he would go up and stretch out in front of the fire and let a puff of smoke from his head.
Agus bhíodh sé féin agus Seán ag coinneál súile ar a chéilí agus ní rabh aon chorr dá gcuireadh Seán dhó nach bhfosclaíodh Caolchat leathshúil agus choinníodh sé súil ar Sheán.
"And he and Seán would keep an eye on each other, and there wasn't a move Seán would make that Caolchat wouldn't open one eye and keep watch on Seán."