Audio Speaker Word/Phrase Translation Quality
Versions Actions
Pádraic S. Ó Murchú Lean sin dhó mar sin agus an oíche seo bhí Seán agus Pílí Cat cois na tineadh. "That continued for him in that way and this night Seán and Pílí Cat were by the fire." good
Pádraic S. Ó Murchú Agus ar ndóigh, bhí Caolchat imithe leis ó thit an oíche. And of course, Caolchat had gone off since night had fallen. good
Pádraic S. Ó Murchú Bhí siad ag scéalaíocht agus caint agus ag comhrá mar a bhíodh siad i gcónaí. "They were storytelling and talking and chatting as they always used to." good
Pádraic S. Ó Murchú "Ara", a deir Seán, "tá sé ag brú suas le aimsir na Nollag anois, amárach an Satharna Mór agus caithfidh muid a ghoil 'un an bhaile mhóir agus brógaí a fháil dhúinn féin. "Ara," says Seán, "it's getting close to Christmas now, tomorrow is the Big Saturday and we have to go to the big town and get shoes for ourselves. good
Pádraic S. Ó Murchú Teastaíonn brógaí go géar ar ndóigh ó Chaolchat. "Caolchat really needs shoes, of course." good
Pádraic S. Ó Murchú Feicim go bhfuil a bhonnaíochaí bruite dóite aige sa luaith agus an geimhreadh ag tíocht, b'fhéidir go n-éireodh a chosaí nimhneach. "I see that his soles are burnt and scorched in the ashes and with winter coming, perhaps his feet would become frostbitten." good
Pádraic S. Ó Murchú " "Maith go leor", arsa Pílí Cat. "Fair enough," said Pílí Cat. good
Pádraic S. Ó Murchú "Caithfidh muid a bheith inár suidhe beagán níos moiche ar maidin," a deir Seán, "agus an bricfeasta a bheith ite againn go luath agus ansin buailfidh muid an bóthar. "We need to be sitting a little later in the morning," says Seán, "and have our breakfast eaten early and then we will hit the road. good
Pádraic S. Ó Murchú Réiteoidh mé sac agus cuirfidh mé thú féin agus Caolchat sa tsac agus buailfidh mé an sac ar mo dhroim agus gabhfaidh muid isteach agus amach chun an bhaile mhóir agus ní iarrfaidh sibh coiscéim a shiúil. "I will prepare a sack and put you and Skinny Cat in the sack and I will put the sack on my back and we will go in and out to the big city and you will not have to walk a step." good
Pádraic S. Ó Murchú "Bhoil, ní rabh mé ariamh sa mbaile mór," arsa Pílí Cat ,"tá mé ag dúil go mór leis! "Well, I've never been to the big city," said Pílí Cat, "I'm really looking forward to it!" good