Tá muid ag goil amach i gcoinne brógaí, caithfidh 'ach éinne brógaí a fháil dhúinn féin agus tá do chosaí-sa bruite agat sa luaith agus teastaíonn brógaí uait níos cruaidhe ná duine ar bith.
"We are going out to get shoes, everyone needs to get shoes for themselves and your feet are burnt in the ashes and you need shoes more than anyone else."
Scaoil Seán an bhó agus an t-asal, d'oscail sé an doras thiar agus lig sé amach iad suas an garraí agus lig sé amach na cearcaí agus thug sé isteach na huibheachaí as teach na gcearc agus dhún sé an doras iataí aríst agus chuir a lámh suas ar an lot' os cionn an dorais thiar agus tharraing sé anuas mála saic.
"Seán released the cow and the donkey, he opened the back door and let them out into the field, and he let out the hens and brought in the eggs from the henhouse and closed the back door tightly again and put his hand up to the loft above the back door and pulled down a sack bag."
"A", ar seisean, "caithfidh mé anois", ar seisean le Caolchat, "thú féin agus Pílí Cat a chur isteach sa tsac agus ansin buailfidh mé an sac ar mo dhroim agus iompróidh mé sibh amach agus isteach arís 'na bhaile mhóir agus nuair a bheas na brógaí ceannaithe againn.
"Ah," he said, "now I must," he said to Skinny Cat, "put you and Pílí Cat into the sack and then I will hit the sack on my back and carry you out and back into the big town and when we have bought the shoes."
Las Seán an puíop', dheargaigh sé aithinne thuas ag an tinidh agus nuair a bhí an puíopa lasta aige "tá mise réite anois", ar seisean, "tá sé chomh maith againn a bheith ag bualadh an bhóthair agus ag baint píosa as.
"Seán lit the pipe, he reddened the gorse up at the fire and when he had the pipe lit he said 'I'm ready now', 'it's just as well for us to be hitting the road and making a bit of headway."
Tá an lá ag éirí gearr agus is fada an choiscéim í 'na bhaile mhóir agus nuair a bheas a ngraithí déanta againn beidh sé mall go maith nuair a bheas muid ar ais.
"The day is getting short and it's a long walk to the big town, and by the time we have our business done it will be quite late when we get back."