Turas Siar 317 - Pádraic Ó Gionnáin as Cill Ghallagáin, beannacht Dé lena anam: cúrsaí iascaireachta agus eacnamaíochta sa gceantar.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Bhoil, by dad shop mé féin an Mháirt sin, déarfaidh mé aníos leat, ach d'imigh an leoraí.
Well, by dad, I bought myself that Tuesday, I’ll say I’ll go up with you, but the lorry is gone..
Agus d'imigh chuile cheart eile agus fágadh an stuif ansin agus tá Dúchas ag fáil ag siúl an iomarca ansin.
And every other right disappeared and the stuff was left there and Dúchas is getting to walk around too much there..
Tá siad ag fáil ag siúl leis chuile dhiabhal agus chuile un a shocróidh siad a shocrú agus mar ní ligfidh siad fúthu agus ba cheart do na na Teachtaí Dála cuid a chur linne agus a ghlanadh go hIfreann amach san áit. Tá ainm Gaeilge ar Dúchas. A Mháirtín, ainm Gaeilge atá air agus an lá a fuair mise ar an raidió agatsa a Mháirtín ní raibh siad in ann mo Dhaid, ní raibh siad in ann éinne a fháil ach tháinig Andy Blest.
They are going around with every devil and every one they will settle with, and because they won’t let up, the TDs should side with us and clear them the hell out of the place. There is an Irish name for Dúchas. Máirtín, he has an Irish name, and the day I got on the radio with you, Máirtín, they couldn’t get my Dad, they couldn’t get anyone, but Andy Blest came...
Ansin tá coicís ina dhiaidh le trí seachtainí, tá an téip thuas sa teach agam, tháinig sé air.
Then there is a fortnight after that with three weeks, I have the tape up in the house, he came upon it..
Agus dúirt sé portaigh álainn Mhaigh Eo, a deir sé, agus thart le cósta.
And he said the beautiful bogs of Mayo, he says, and around the coast...
Agus dúirt sé go raibh siad ag fáil ceithre chéad milliún punta as Brussels ach an rud seo a choinneáil mar atá sé, mar a déarfá.
And he said that they were getting four hundred million pounds from Brussels just to keep this thing as it is, as you might say..
Cá bhfuil siad ag caitheamh na cheithre chéad milliún sin atá siad a fháil as Brussels. Níl siad ag caitheamh aon phingin de thart anseo a Mháirtín. Sin é an leathphingin. Tá sé caite ar an gcósta ó dheas agus ba le bó sí suas i lár na tíre agus suas an gcósta ó dheas. Níl leathphingin dhá caite anseo. Feiceann tú féin an cineál bóithre atá ag dul isteach go dtí an áit seo anseo. Tá seanmhonarchan foscailte thoir ansin thoir chomh maith.
Where are they spending that four hundred million that they are getting from Brussels? They’re not spending a penny of it around here, Mairtin. That’s the halfpenny. It’s being spent on the south coast and maybe up in the middle of the country and up the south coast. Not half a penny of it is being spent here. You can see yourself the kind of roads that are coming into this place here. There’s an old factory closed down over there to the east as well.
Bhoil tá sé tá cúpla duine ag obair ann. Tá scór ná mar sin. Tá oiread ainmneacha thíos le haghaidh an mhonarchan sin a Mháirtín agus tá sé is deich dtroithe fichead ar fad an sheet le haghaidh ainmneacha le haghaidh jabanna a dhéanamh ann. Tá a fhios agat agus sean bhí an seanam anseo bhí sé níos mó ná atá sé anois.
Well, there are a couple of people working there. There are about twenty. There are so many names down for that factory, Máirtín, and the sheet for names for jobs to be done there is twenty feet long altogether. You know, and before, when the old man was here, it was bigger than it is now.
'Sin é an chaoi a bhfuil sé anseo, a Mháirtín, an bhfuil a fhios agat céard é féin, a Phádraig, sea, tá an ghrian ag dul faoi anseo thiar, á, tá an ghrian, tá fad maide mór an-ghairid go fóill ó bheith seo, a Mháirtín, bhí cheithre cheithre, cheithre cinn fhichead curraí thoir ansin thoir, seonfidh mé láithreach dhuit.
That’s how it is here, Máirtín, do you know what it is yourself, Pádraig, yes, the sun is setting here in the west, ah, the sun is, there’s still the length of a big stick to go before it’s here, Máirtín, there were four four, four score curraghs to the east over there to the east, I’ll show you right away..
Bhí cheithre cinn fhichead acu ann. Bhí cnap maidí rámha ansin ar an mBriabhach. Níl maide rámha le feiceáil inniu agus níl coileach le feiceáil. Níl rud ar bith eile ann. Níl éinne atá in ann aon choileach a iompar a Mháirtín agus Mary.
They had eighty of them there. There was a pile of oars there on the Briabhach. There isn’t an oar to be seen today and there isn’t a rooster to be seen. There is nothing else there. There isn’t anyone who is able to carry any rooster, Máirtín and Mary.
Bhí cap, bhí scadáin ag tíocht isteach anseo, thug mise isteach scadáin anseo, a Mháirtín, fuair mé deich bpunt fhichead de bosca eile.
There was a cap, there were herrings coming in here, I brought herrings in here, Máirtín, I got twenty pounds from another box..
Deich bpunt fhichead ar scadán agus iontach isteach síos níl sé sin i bhfad ó shin naoi déag seachtó hocht.
Twenty pounds ten on herring and wonderful in and down that is not long ago nineteen seventy-eight.
Agus inniu níl leathphingin ar scadáin, níl rud ar bith ann, a Mháirtín, ach an t-anró, nuair a fheiceanns tú anois agus mura leigheas, mura dtigeadh feabhas ar an rud agus mura ndéanfaí an dowdment rud éigin faoi, níl aon ghnótha le 'chuile shórt le dhul ag Brussels, tá Brussels ag iarraidh, bhí fear anseo fada ó shin, a Mháirtín.
And today there isn’t a halfpenny on herrings, there’s nothing at all, Máirtín, only hardship, when you see now and if there’s no cure, if there’s no improvement in the thing and if the government doesn’t do something about it, there’s no business at all in everything going to Brussels, Brussels wants, there was a man here a long time ago, Máirtín...