Turas Siar 317 - Pádraic Ó Gionnáin as Cill Ghallagáin, beannacht Dé lena anam: cúrsaí iascaireachta agus eacnamaíochta sa gceantar.
© RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Recording Information
Bheinn ag caint ar uair ar bith agus bheinn chomh maith le cuid de na buachaillí atá agam le brostaigh.
I would be talking at any time and I would be as good as some of the boys I have to hurry.
Bhíodh an-íseal air.
He used to be very depressed.
Ach a Mháirtín, is mór an chaill é. Is mór an chaill an áit seo a ligean le bheith ligthe le gaoth mar atá sé agus na daoine óga a bheith imithe as. Tá an-drochmhisneach ort a Phádraig. Tá drochmhisneach agam. Tá mo mhuinse féin imithe uaim a Mháirtín. Tá cúig dhuine dhéag is fiche imithe sa mbaile sin a dtáinig tú anuas thríd anois. Cúig dhuine dhéag is fiche imithe as a Mháirtín le le
But Mháirtín, it is a great loss. It is a great loss to let this place be left to the wind as it is and the young people to be gone from it. You are very disheartened, Pádraig. I am disheartened. My own family are gone from me, Mháirtín. Thirty-five people have left that town you just came down through now. Thirty-five people gone from it, Mháirtín, altogether.
Cúig nó sé de bhlianta. Tá beirt de mo mhuintir féin imithe as. Tá triúr, tá siad thiar i Meiriceá a Mháirtín.
Five or six years. Two of my own people are gone from it. There are three, they are over in America, Máirtín.
Níos measa anois abair ná a bhíodar abair sna tríochaidí nó sna ceathrachaidí.
Worse now, you say, than they were, you say, in the thirties or the forties.
Bhuel, bhuel, níl a fhios agam sna tríochaidí ach sna ceathrachadacha.
Well, well, I don't know about the thirties but in the forties...
Sna ceathrachaidí bhuel bhí sé sách dona an uair sin a Mháirtín ach an chaoi a bhfuil ag bhfuil fhios agat bhí an-mhaith ann a Mháirtín anseo d'fhiafraigh mé an fhírinne leat nuair a tháinig muide anseo anall as Sasana.
In the forties, well, it was fairly bad at that time, Mairtín, but the way it is, you know, it was very good here, Mairtín. I asked you the truth when we came here over from England.
Chaith mise cúig bliana déag i Sasana ag tíocht agus ag imeacht, a Mháirtín.
I spent fifteen years in England coming and going, Máirtín.
Bhí muid thug muid anall airgead i Sasana agus vuildeáil muid tithe anseo a Mháirtín. Chonaic tú na tithe seo isteach an bóthar ansin duit vuildeáil muid tithe anseo le airgead a shaothraigh muid thall i Sasana agus amuigh ar an bhfarraige agus vuildeáil 'chuile fhear de na lads sna tithe sin agus ní bhfuair siad lón ná morget ná rud ar bith eile.
We brought money over from England and we built houses here, Mairtin. You saw these houses down the road there, we built houses here with money we earned over in England and out at sea, and every one of the lads was put into those houses and they didn’t get lunch or mortgage or anything else.
Agus d'íoc siad i 'chuile phingin agus i chuile fhear a bhí bhí ceirde a bhí acu. Bhí chuile fhear acu íoctha ag dul amach an geata dhófa agus
And they paid in every penny and in every man that was, was a trade that they had. Every man of them was paid going out the gate for them and.
Mar a déarfá, an chaoi a bhfuil sé anseo anois, mothóidh tú daoiní ag caint ar bharr a gcuid anois agus chuile rud mar is dóigh chaithfinn an séatúir a fháil, níl an t-airgead ag dul leath agat agus bhí sé an uair sin, an dtuigeann tú, agus bhí stuf saor an uair sin chomh maith.
As you’d say, the way it is here now, you’ll feel people talking over each other now and everything, I suppose I’d have to get the seat, you’re not getting half the money and it was that way then, you know, and things were cheap at that time as well.
Agus muid í a choinnithe bun anseo, a Mháirtín, muidí choinnithe bun anseo, muide a vuildáil, an tithe sin a tháinig tú a' tíocht isteach ansin agus muide a choinnigh na scoltachaí foscailte.
And us keeping her down here, Máirtín, us kept down here, us who built, those houses that you came coming into there and us who kept the schools open...
Agus na coláistí chomh foscailte agus muidí ba ciontaí le móidín ba spoll agus log le chuile shórt dhó sin na máistrí scoile a thug muid jabanna dhóibh bhfuil fhios agat agus níl duine ar bith ag tabhairt aon jab dhúinne.
And the colleges are so open and they were as guilty with a little oath and a gap with every sort of thing for those schoolmasters that we gave jobs to, you know, and nobody is giving any job to us.
Sin é an rud a shíleanns gan dabht agus tá an rud gnóthach anseo mar mar a sheasann muid inniu.
That is what is undoubtedly thought and the thing is busy here as we stand today.