0:00
Audio | Speaker | Word/Phrase | Translation | Translator | Quality | ||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Tomás Ó Cearbhaill | Cén geall a chuirfeas tú? | "What will you bet?" | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Cuirfidh mé cúig phunta leat. | "I will bet you five pounds," said the honest man. | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Chuir siad cúig phunta. | They bet five pounds. | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Cé bhfágfaidh muid le socrú aige é? | "Who will we leave it with to settle?" | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | An chéad fhear a chasfaíor dhúinn ar an mbóthar. | "The first man we meet on the road." | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Bhog siad leo chun bóthair. | They went along the road. | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Cén fear a casadh dhófa ach robálaí eile. | Who did they meet but another robber. | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Ligeadh an scéal aige. | He was told the story. | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Dúirt sé, Á, a amadáin, shaothró-... ghoidfeadh an fear sin a oiread aon oíche amháin is shaothrófá i gcaitheamh i do shaoil. | "Ah, you fool," he said. "That man would earn in one night as much as you would earn in your whole life." | Seosamh Ó Cathail | good | |||
Tomás Ó Cearbhaill | Bhí an geall cailltí. | The bet was lost. | Seosamh Ó Cathail | good |