Dictionary Entries
sláimín
sláimín go bhean, a slovenly untidy "clot" of a woman; sláimín Saturday, a lazy bad housekeeper who leaves all her work, washing etc., over till Saturday.
scrachóg an mhadaidh uisc'
spaga a dhéanamh de, agus bé' do phócaí lán i gcónaí, the otter's bladder (?), make a purse of it and your pockets will be always full (of money)
scioll
go sciolla tú é .i. an fheóil a bhaint dhá chrámhaí
sceataí
lá sceataí .i. lá dósta, lá a mbeith gaoth láidir is fearthainn chruaidh
sás
is maith a' sás na cruic a tharraint, the hills are good to draw it (rain), they usually do
saoghal Éabha
ní bhainfeadh an saoghal Éabha anuas mé, the whole world; an saoghal Ádhaimh is similarly used.
samhlaigh
tá an intinn chéanna ag a' bhfear thoir agus ní shamhlóchá leis é, he has the same disposition (he'd take a knife to you) and you'd never think it of him
saighead (vb)
shaighead sé an madadh ionnam, he set the dog at me; a' saghdú madaidh, setting on, inciting a dog.
rúscadh
a' rúscadh le fataí, a' baint fataí (cf. a' plé le fataí i n-áiteanna eile); a' rúscadh leóf, playing with them (children).
ruaibíní
(bhí) ruaibíní - mar adéarfá súilí do bhrógaí - is na curaigh seo - curaigh an dá éadan
roinn
an sagart agus a' póilí, tabhair a gcuid dóf' agus ná bíof aon roinn agad leóf, give them their due and have nothing more to do with them
riocht
níl sé i riocht a dhuil amach, (the weather) is not fit to go out (fishing).
riabhach
lothantaí na riabhaí, last two days of March and first day of April
reithíneacht
tá an chaor' ar reithíneacht, the ewe is in season
reimhe
is raimhe fuil 'ná uisce