Dictionary Entries
éadáil
is maith an éadáil í, i. the good weather, it's good to get it (JT); nach tú an droch-éadáil, said to a cross child (páiste cointinneach); plainc ná adhmad faoi thír, raic sin éadáil (TmB).
dúrtach
(tá mé) an-dúrtach duit .i. iomarcaí cion a bheith agam ort (Sb); le dúrtacht, with affection (Sb). I have heard this word only once, and have some doubt about it.
dreabháird
níl dreabháird ar bith ar a' bhfear sin, níl dul amú ar bith air, there is no stray on him, i. he is well able to look after himself (said of a young lad out late at night, when his parents might be worring about him) (MMt); tá an bhó ar dreabháird, níl sí le fáil.
dósta
lá dósta, lá sceataidh, lá a mbeith gaoth láidir is fearthainn chruaidh
dóráinín
is tú an dóráinín, tá tú iarrth', your are the silly little thing, you're daft
dochar
beag a' dochar dhuit náire a bheith ort, you should be ashamed of yourself
díth
gan díth ná dolaidh a dhéanamh go dhuine ar bith, to do no harm to anyone
díon
níl díon deór sa teach, tá fearthainn anuas ann
deóiríneacht
i gcónaí a' deóiríneacht, always whining, whinging
déin
in phr. faoi dhéin(t), for, to get, collect especially animals: faoi dhéin caorach, to collect sheep (on mt): faoi n-a ndéint (to go) for them, i. cows on hill. ar fháirnis, to get, is used in reference to eggs: be' mé ag goil suas ar fháirnis uibheachaí, to get some eggs (at a house)
deara
in phr. thug mé faoi ndeara, I noticed (MR). fá deara 'caused' does not seem to be used in Erris.
deachmhaidh
airigead deachmhaidh, tithes money
dath
a dhath, with neg. nothing, gan a dhath, free, gratis.
crapaim
(1) roll up (sleeves/clothes): bhí a chuid éadaigh crapthaí suas go dtI a chuid glúnaí (JL); (2) contract: fan go gcrapa sé na méaraí.
crainn siar
cuirfe muid crainn siar, we'll cast lots, using a long straw and a short one