Dictionary Entries

garastainceam

bhí sé i n-a gharastainceam aige .i. bhí sé bun os cionn aige, nó i n-aimhréidh; ní thiocfadh leis a dhéanamh.

gaoiséal

tarnneó mé na gaoiséil asad, I'll pull the wind-pipe out of you

gaimhiúil

(of weather) with a sting in it

fuarthas

nach mór a fuarthas thú, hadn't you the "neck", the "cheek"

friotach

is friotach a' lá é .i. giobach, breezy with cold biting wind (CN); also of dog: madadh . . friotach, with hair standing on him (ready for fight).

fóidín meara

fuaidh a' fóidín meara ort, you went astray (MC); tá fóidín meara air, he is wrong in the head.

fobhthaí

fofaí ag a chéilí, an t-olc istigh acú dá chéilí (TmB); cho fofaí le madadh, ready for fight.

fearb

in phr. m'fhearb, my word; 'seadh, m'fhearb, yes, indeed

éadáil

is maith an éadáil í, i. the good weather, it's good to get it (JT); nach tú an droch-éadáil, said to a cross child (páiste cointinneach); plainc ná adhmad faoi thír, raic sin éadáil (TmB).

dul

ní féidir a dhul dóf ', it is impossible to be up to them, to get the better of them.

dochar

beag a' dochar dhuit náire a bheith ort, you should be ashamed of yourself

díth

gan díth ná dolaidh a dhéanamh go dhuine ar bith, to do no harm to anyone

cóir

níl éinne a fhanans le cóir nach bhfánn é (sean-ocal)

cluas

bain a' chluas duíom má thugann tú an lámh faoi'n talamh leat (ars an tAthair Mánus) (Sb). = 'mark my words'.

Showing 31 to 45 of 130 entries