Dictionary Entries

rúscadh

a' rúscadh le fataí, a' baint fataí (cf. a' plé le fataí i n-áiteanna eile); a' rúscadh leóf, playing with them (children).

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

roinn

an sagart agus a' póilí, tabhair a gcuid dóf' agus ná bíof aon roinn agad leóf, give them their due and have nothing more to do with them

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

práinneach

práinneach asad féin, leitheadach; práinneach as a chlann, as rud ar bit a bheith aige, proud of, thinks a lot of (AL); bhí sé a cho práinneach as a gcat. he was so very fond of the cat (CN).

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

mac a' pheata

chuile mhac a' pheat' acú, every one of them, every mother's son of them

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

ionad

in phr. i n-ionad, at the end of: bhí sé feadh bliana ag muintir na bruíne, agus annsin bhí a bhean le goil a' pósadh i n-ionad (n)a bliana, at the end of the year, when the year was up

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

hata Acla agus naprún Chliara

ná déan hata Acla dó .i. den chasúr, don't treat it like hata Acla, that is to say make common property of it (MMt). There was only one hat in Achill and only one apron in Clare Island, and everybody wore it in turn according as he or she needed it. The same was said of brógaí Iorruis, there was only one pair which was used by everybody or so the saying goes.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

geidimín

níl ann ach geidimín go dhuine, níl aon teacht 'un láithreach ann, an geidimín

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

fuath

tá tú a' tabhairt fua dúinn, deserting us, not visiting us of nights as you used to

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

eitigh

heitíof thú .i. ní ghlacfadh an ghearr-chaile a d'iarr tú thú.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

éan corr

níl aon ál nach mbíonn éan corr orthaí, said in respect of one member of a highly respectable decent family who was not so, who turned out different

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

dul

ní féidir a dhul dóf ', it is impossible to be up to them, to get the better of them.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

cúb

tá cúb aicí, said of a pup lying between the forelegs of its mother.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

comh-aois

comh-aois Mháire í, she is the same age as Máire

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

cóir

níl éinne a fhanans le cóir nach bhfánn é (sean-ocal)

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

cluas

bain a' chluas duíom má thugann tú an lámh faoi'n talamh leat (ars an tAthair Mánus) (Sb). = 'mark my words'.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good
Showing 46 to 60 of 145 entries