Dictionary Entries
stácadh
a' stácadh, ag ithe aibéil (AC); i n-amhrán:- Tá doiminic agus Seán ag goil stácadh dhá chathamh .i. dhá chathamh go dian (AOS).
sónta
fear sónta, fear a chreidfeadh chuile shórt (TmB). duine sónt', a youngster too obedient to everybody, doing what they tell him (MMt).
sompla
a' sumpla bróch, nach fearr a' fear mise ná é? the dirty wretch, amn't I a better man than him
so-chaideartha
duine so-chaideartha, a harmless fellow.
slubaire
slubaire bróch, a person slovenly in speech and messy generally.
sceinn
used transitively: go scinfadh sí an Curach .i. go nglanfadh sí é, that she would sweep the Curragh, i. Polly, a racing mare from Erris
Santa Bairbre
Santa Bairbre i n-aghaidh na dtoirní. shantie Bhairble i n-aghaidh na dtoirní (CN): prionsa a rabh teach iarainn aige chuir an toirní sa spéir é. Ní rabh ag Santa Bairble ach shantie agus ní dearnadh a dhath air (CN).
rúscadh
a' rúscadh le fataí, a' baint fataí (cf. a' plé le fataí i n-áiteanna eile); a' rúscadh leóf, playing with them (children).
riabhach
lothantaí na riabhaí, last two days of March and first day of April
prioscán
applied also to children; tá an prioscán a' teacht, the youngsters are coming
pléata
níl ann ach pléata go dhuine
péic
an phéic, fox's brush is recorded by C. Bairéad from the Achréidh in Béaloideas, xxvii, 125. Cf. i bpéic an mhadra alla in Dic Buiréad's Tarraingt na Mónadh, IE, t. 532.
oilbhéasach
bochaill oilbhéasach, suas le géimeannaí, a ghoidfeadh giorrán a chomharsa is a bhainfeadh marcaíocht as
nimheadóir
nimheadóir bradach, a sour fellow who won't take fun or a joke
méad
lé' mhéad a scanraigh Ifreann é, Hell frightened him so much