Dictionary Entries
eitigh
heitíof thú .i. ní ghlacfadh an ghearr-chaile a d'iarr tú thú.
éisteallach
duine éisteallach, fastidious person (Sb); in particular a horse that won't drink from a smelly bucket is said to be éisteallach, or a cow (MMt), (AL).
éisteacht
bhfuil tú ag éisteacht liom, are you listening to me?
éan corr
níl aon ál nach mbíonn éan corr orthaí, said in respect of one member of a highly respectable decent family who was not so, who turned out different
éadáil
is maith an éadáil í, i. the good weather, it's good to get it (JT); nach tú an droch-éadáil, said to a cross child (páiste cointinneach); plainc ná adhmad faoi thír, raic sin éadáil (TmB).
dúrtach
(tá mé) an-dúrtach duit .i. iomarcaí cion a bheith agam ort (Sb); le dúrtacht, with affection (Sb). I have heard this word only once, and have some doubt about it.
dul
ní féidir a dhul dóf ', it is impossible to be up to them, to get the better of them.
dreabháird
níl dreabháird ar bith ar a' bhfear sin, níl dul amú ar bith air, there is no stray on him, i. he is well able to look after himself (said of a young lad out late at night, when his parents might be worring about him) (MMt); tá an bhó ar dreabháird, níl sí le fáil.
draoitheadóireacht
a' draoitheadóireacht, ag coinneál eagnaidheacht leat, arguing with you
draid
draid mhaith fhiacla aige, a good set of teeth
dósta
lá dósta, lá sceataidh, lá a mbeith gaoth láidir is fearthainn chruaidh
dóráinín
is tú an dóráinín, tá tú iarrth', your are the silly little thing, you're daft
dóghín
an dóghín, the little miserable two (of diamonds), dó + ín.
dochar
beag a' dochar dhuit náire a bheith ort, you should be ashamed of yourself
díth dóich
na préacháin a' déanamh dí dóich air ann, the crows doing destruction to his crops there (Sb); a' déanamh dí dóich ar do chómhars, wronging your neighbour, rash judging him (MMT); a' déanamh dí dóich air, éagóir (TmB); dí dóich, rud mí-chéart (AL). Cf. Béaloideas, xiii, 224: bhí siad a' dianamh dí-dóich thart i nÉirinn (.i. arm Shasanaí) in a story from Ballycroy, and glossed 'outrage, harm', by the sgéaluí.