Dictionary Entries
scioll
go sciolla tú é .i. an fheóil a bhaint dhá chrámhaí
sceinn
used transitively: go scinfadh sí an Curach .i. go nglanfadh sí é, that she would sweep the Curragh, i. Polly, a racing mare from Erris
sceataí
lá sceataí .i. lá dósta, lá a mbeith gaoth láidir is fearthainn chruaidh
scealb
scealab cloich' , píosa géar
scannail
is olc í an scannail sa gcóir ná san éagóir, g. to accuse someone of stealing something in the right or in the wrong (it gives scandal)
sás
is maith a' sás na cruic a tharraint, the hills are good to draw it (rain), they usually do
sáraigh
sháraigh siad mé (the calves) bested me, got the better of me, got away from me: used impersonally: sháraigh air aon bhean fháil, he failed to get any wife; a' sárú oram, contradicting me, arguing me down.
saoghal Éabha
ní bhainfeadh an saoghal Éabha anuas mé, the whole world; an saoghal Ádhaimh is similarly used.
Santa Bairbre
Santa Bairbre i n-aghaidh na dtoirní. shantie Bhairble i n-aghaidh na dtoirní (CN): prionsa a rabh teach iarainn aige chuir an toirní sa spéir é. Ní rabh ag Santa Bairble ach shantie agus ní dearnadh a dhath air (CN).
samhlaigh
tá an intinn chéanna ag a' bhfear thoir agus ní shamhlóchá leis é, he has the same disposition (he'd take a knife to you) and you'd never think it of him
salann
'sé an salann soir é géadhaí Iorrais thíocht go hEacaill (MC), it is like coals to Newcastl (sean-ocal).
saighead (vb)
shaighead sé an madadh ionnam, he set the dog at me; a' saghdú madaidh, setting on, inciting a dog.
rúscadh
a' rúscadh le fataí, a' baint fataí (cf. a' plé le fataí i n-áiteanna eile); a' rúscadh leóf, playing with them (children).