Dictionary Entries

Lean sin dhó mar sin agus an oíche seo bhí Seán agus Pílí Cat cois na tineadh.

"That continued for him in that way and this night Seán and Pílí Cat were by the fire."

Agus bhí Seán ar an gcaoi chéanna leis.

And Seán was the same way with him.

Agus bhíodh sé féin agus Seán ag coinneál súile ar a chéilí agus ní rabh aon chorr dá gcuireadh Seán dhó nach bhfosclaíodh Caolchat leathshúil agus choinníodh sé súil ar Sheán.

"And he and Seán would keep an eye on each other, and there wasn't a move Seán would make that Caolchat wouldn't open one eye and keep watch on Seán."

Is éard a bhí ann cneámhaire, rógaire, falsóir agus leadaí.

"He was a knave, a rogue, a liar, and a scoundrel."

Ní chorraíodh sé sa lá amach ach ag sneagaireacht cois na tineadh.

He would not stir out by day but to be skulking by the fireside.

Bhíodh a bhonnaíochaí dóite sa luaith aige agus ba in é an fáth ar bhaist Seán Caolchat na Luathadh air.

His pipe was always burnt out in the ashes, and that was why Seán Caolchat called him Luathadh (Ashes).

Isteach aríst ar an bpoll a bhí sa doras agus nuair a bhíodh an bricfeasta ite théadh sé suas agus shíneadh sé siar os comhair na tineadh agus ligeadh sé néal as a chlaigeann.

Back in through the hole in the door, and when breakfast was eaten, he would go up and stretch out in front of the fire and let a puff of smoke from his head.

Nuair a bhíodh a sháith ite ag Pílí Cat, shíneadh sé siar ó chluais go ruball sa teallach agus chodlaíodh sé corr néal.

When Pílí Cat had his fill of food, he would stretch out from ear to tail in the hearth and sleep for a while.

Agus bhíodh Seán ag faire síos ar íochtar an tí agus d'fheiceadh sé scáile Phílí Cat thíos ar an mbinn; bhí sé ag tíocht idir solas na tineadh agus an bhinn.

And Seán would look down at the bottom of the house and he would see the shadow of Pílí Cat down on the hearth; he was coming between the light of the fire and the hearth.

Uaireantaí eile, bhíodh sé ina shuí amach ón tinidh go cróganta ag sneagaireacht agus ag faire isteach sa tinidh.

At other times, he would be sitting away from the fire bravely coughing and looking into the fire.

Corruair eile, bhíodh Pílí Cat ina shuí taobh thall dó agus é ag faire anall ar Sheán agus ag freagairt na gceisteanna a bhíodh Seán ag cur air.

At other times, Pílí Cat would be sitting opposite him, watching Seán and answering the questions Seán would ask him.

Corruair dá gcasfaí 'na bhaile mhóir é gheobhadh sé chupla coinneal ach go hannamh a bhíodh sé sa mbaile mór.

Sometimes if he found himself in the big town, he would get a couple of candles but he was rarely in the big town.

Ba in an solas amháin a bhí aige.

It was the only light he had.

Bhíodh sé ag caitheamh a phuíop' agus ag faire isteach ar sholas na tineadh.

He used to be smoking his pipe and gazing into the firelight.

Bhíodh Seán ina shuí cos na tineadh san oíche ag comhrá agus ag caint agus ag inseacht scéaltaí do Phílí Cat agus cluas ar Phílí Cat ag éisteacht leis.

Seán would sit by the fire at night talking and chatting and telling stories to Pílí Cat, and Pílí Cat would listen attentively.

Showing 106 to 120 of 690 entries