Dictionary Entries

Isteach aríst ar an bpoll a bhí sa doras agus nuair a bhíodh an bricfeasta ite théadh sé suas agus shíneadh sé siar os comhair na tineadh agus ligeadh sé néal as a chlaigeann.

Back in through the hole in the door, and when breakfast was eaten, he would go up and stretch out in front of the fire and let a puff of smoke from his head.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Ar an taobh eile den scéal nuair a bhíodh an suipéar ite tráthnóna bhuaileadh Caolchat an bóthar amach ar an bpoll a bhí ar an doras iataí agus bhíodh amuigh ar feadh na hoích' agus sin an uair a laindeáleadh sé ar maidin nuair a bhíodh Seán ag éirí.

"On the other side of the story, when supper was eaten in the evening, Skinny Cat would hit the road out through the hole in the closed door and would be out all night, and that's when he would return in the morning when John was getting up."

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Nuair a bhíodh a sháith ite ag Pílí Cat, shíneadh sé siar ó chluais go ruball sa teallach agus chodlaíodh sé corr néal.

When Pílí Cat had his fill of food, he would stretch out from ear to tail in the hearth and sleep for a while.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Agus bhíodh Seán ag faire síos ar íochtar an tí agus d'fheiceadh sé scáile Phílí Cat thíos ar an mbinn; bhí sé ag tíocht idir solas na tineadh agus an bhinn.

And Seán would look down at the bottom of the house and he would see the shadow of Pílí Cat down on the hearth; he was coming between the light of the fire and the hearth.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Uaireantaí eile, bhíodh sé ina shuí amach ón tinidh go cróganta ag sneagaireacht agus ag faire isteach sa tinidh.

At other times, he would be sitting away from the fire bravely coughing and looking into the fire.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Corruair eile, bhíodh Pílí Cat ina shuí taobh thall dó agus é ag faire anall ar Sheán agus ag freagairt na gceisteanna a bhíodh Seán ag cur air.

At other times, Pílí Cat would be sitting opposite him, watching Seán and answering the questions Seán would ask him.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Corruair dá gcasfaí 'na bhaile mhóir é gheobhadh sé chupla coinneal ach go hannamh a bhíodh sé sa mbaile mór.

Sometimes if he found himself in the big town, he would get a couple of candles but he was rarely in the big town.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Ba in an solas amháin a bhí aige.

It was the only light he had.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Bhíodh sé ag caitheamh a phuíop' agus ag faire isteach ar sholas na tineadh.

He used to be smoking his pipe and gazing into the firelight.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Bhíodh Seán ina shuí cois na tineadh agus a chúl leis an taster a bhí sa gcoirnéal.

Seán used to sit by the fire with his back to the dresser that was in the corner.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Bhíodh Seán ina shuí cos na tineadh san oíche ag comhrá agus ag caint agus ag inseacht scéaltaí do Phílí Cat agus cluas ar Phílí Cat ag éisteacht leis.

Seán would sit by the fire at night talking and chatting and telling stories to Pílí Cat, and Pílí Cat would listen attentively.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Chuile áit dá dtéadh Seán, síos aníos an pháirc, thart ar an teach, siar sa ngarraí agus nuair a théadh sé ar a chuairt i dteach ar bith ar an mbaile, leanadh Pílí Cat é agus d'fhanadh sé taobh amuigh ar an bhfuinneog ag faire isteach a fhad is bheadh Seán ar a chuairt agus nuair a bheadh Seán ag tíocht abhaile dhá chuairt shiúladh Pílí Cat cois ar chois leis.

Everywhere Seán went, up and down the field, around the house, west in the garden, and when he would visit any house in the town, Pílí the Cat would follow him and would stay outside by the window watching in as long as Seán was on his visit, and when Seán would be coming home from his visit, Pílí Cat would walk step by step with him.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

Bhíodh siad i gcónaí i gcuideacht'.

They were always together.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

B'iontach na mátaí Seán agus Pílí Cat.

Seán and Pílí Cat were wonderful mates.

Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good

'Bhfuil aon cuimhne agatsa ar shean-scéalta sa cheantar seo nó shean-bhéaloideas?

Do you remember any old stories from this area or folklore?

Speaker: Unknown
Translator: Seosamh Ó Cathail
Quality: good
Showing 196 to 210 of 1670 entries