Dictionary Entries

Bhí siad ag scéalaíocht agus caint agus ag comhrá mar a bhíodh siad i gcónaí.

"They were storytelling and talking and chatting as they always used to."

Agus ar ndóigh, bhí Caolchat imithe leis ó thit an oíche.

And of course, Caolchat had gone off since night had fallen.

Agus bhíodh sé féin agus Seán ag coinneál súile ar a chéilí agus ní rabh aon chorr dá gcuireadh Seán dhó nach bhfosclaíodh Caolchat leathshúil agus choinníodh sé súil ar Sheán.

"And he and Seán would keep an eye on each other, and there wasn't a move Seán would make that Caolchat wouldn't open one eye and keep watch on Seán."

Ní chorraíodh sé sa lá amach ach ag sneagaireacht cois na tineadh.

He would not stir out by day but to be skulking by the fireside.

Isteach aríst ar an bpoll a bhí sa doras agus nuair a bhíodh an bricfeasta ite théadh sé suas agus shíneadh sé siar os comhair na tineadh agus ligeadh sé néal as a chlaigeann.

Back in through the hole in the door, and when breakfast was eaten, he would go up and stretch out in front of the fire and let a puff of smoke from his head.

Ar an taobh eile den scéal nuair a bhíodh an suipéar ite tráthnóna bhuaileadh Caolchat an bóthar amach ar an bpoll a bhí ar an doras iataí agus bhíodh amuigh ar feadh na hoích' agus sin an uair a laindeáleadh sé ar maidin nuair a bhíodh Seán ag éirí.

"On the other side of the story, when supper was eaten in the evening, Skinny Cat would hit the road out through the hole in the closed door and would be out all night, and that's when he would return in the morning when John was getting up."

Uaireantaí eile, bhíodh sé ina shuí amach ón tinidh go cróganta ag sneagaireacht agus ag faire isteach sa tinidh.

At other times, he would be sitting away from the fire bravely coughing and looking into the fire.

Corruair eile, bhíodh Pílí Cat ina shuí taobh thall dó agus é ag faire anall ar Sheán agus ag freagairt na gceisteanna a bhíodh Seán ag cur air.

At other times, Pílí Cat would be sitting opposite him, watching Seán and answering the questions Seán would ask him.

Bhíodh sé ag caitheamh a phuíop' agus ag faire isteach ar sholas na tineadh.

He used to be smoking his pipe and gazing into the firelight.

Bhíodh Seán ina shuí cois na tineadh agus a chúl leis an taster a bhí sa gcoirnéal.

Seán used to sit by the fire with his back to the dresser that was in the corner.

Bhíodh Seán ina shuí cos na tineadh san oíche ag comhrá agus ag caint agus ag inseacht scéaltaí do Phílí Cat agus cluas ar Phílí Cat ag éisteacht leis.

Seán would sit by the fire at night talking and chatting and telling stories to Pílí Cat, and Pílí Cat would listen attentively.

d'fhanadh na chailíní óga

the young girls waited

bhíodh sé ar súil an t-am sin

it used to be happening at the time

.. anois ach a chaith mise sé bliana thíos ansin agus

...no but I spent 6 years down there and...

Showing 91 to 105 of 545 entries